Fuarthas ciontach i ndúnmharú George Flyod an t-iarphóilín Derek Chauvin i Stáit Aontaithe Mheiriceá tráthnóna.
Spreag dúnmharú George Floyd, fear dubh 46 bliain d’aois as Minneapolis. agóidí agus círéibeacha ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar fud an domhain anuraidh.
Chinn an giúiré go raibh Chauvin ciontach as dúmharú den dara grád, dúmharú den tríú grád agus dúnorgain. D’fhéadfadh go mbeidh sé 40 bliain sa phríosún.
Sáinníodh George Floyd ar an talamh agus choinnigh Chauvin a ghlúin ar a mhuineál nó go bhfuair sé bás tar éis breis is naoi nóiméad.
Dúirt Benjamin Crump, dlíodóir mhuintir George Floyd go raibh an ceart déanta, fiú má bhí briseadh croí ag baint leis.
Dúirt sé go bhfágfadh an cinneadh a lorg ní hamháin ar Minneapolis ach ar an domhan mór.
“Is ionann an ceart a bheith déanta i Meiriceá an Duine Dhuibh agus an ceart a bheith déanta i Meiriceá go léir. Cor cinniúnach é an cás seo i stair Mheiriceá maidir le freagracht na bpóilíní agus teachtaireacht shoiléir atá ann a bhfuil súil againn go gcloisfear í ngach cathair agus i ngach stát.”