Ceardlann ar Laghdú Dramhaíola & Athchúrsáil
Ceardlann ar Laghdú Dramhaíola & Athchúrsáil
@ Glór na nGael
Ar líne Léacht nó Caint Oiriúnach do TheaghlaighBeidh ceardlann timpeallachta againn do theaghlaigh ar an Satharn 24 Aibreán ar 11:00 le Edel Ní Bhraonáin.
Is ambasadóir í do Voice, cumann carthanachta atá dírithe ar chúrsaí timpeallachta. Tá Edel chun labhairt linn maidir leis na fáthanna gur chóir dúinn uilig bheith ag smaoineamh ar an timpeallacht agus bealaí simplí gur féidir linn dramhaíl a laghdú agus bheith ag athchúrsáil.
Beidh an cur i láthair seo dírithe ar theaghlaigh, ach bhainfeadh gach aois tairbhe as.
Cuir r-phost chuig ainin@glornangael.ie le clárú leis an imeacht seo. agus brúigh anseo le níos mó a fháil amach faoi Voice agus an obair a dhéanann siad.