Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘ta-me-pairteach-i-ngrupa-darb-ainm-‘o-bheal-na-mban’…

‘Tá mé páirteach i ngrúpa darb ainm ‘Ó Bhéal na mBan’…

| aifric ni scolai |

Aon uair a bhím sa mbaile ag cur díom faoi chúrsaí ollscoile nó cibé cén t-údar clabhsáin atá agam ar an lá áirithe sin (agus tá an liosta sin fada go maith), is é an freagra a bhíonn ag an dream sa mbaile orm ná “aoibhinn beatha an scoláire…”. Tug faoi deara nach gcríochnaítear an líne. B’fhéidir go bhfuil cuid den cheart ansin acu, níl a fhios agam cé méid léinn atá á dhéanamh agam le deireanas. 

Lig mé na maidí acadúla le sruth i mí an Mhárta. Bhí pleananna móra agam do bhriseadh na Cásca breith suas le mo léachtaí, ach níor tharla sé sin. Bhí aimsir chomh deas againn agus go mba mhór an peaca é a bheith taobh istigh i ndáiríre, agus dá bhrí sin ní fhaca mé oiread agus léacht réamhthaifeadta amháin. 

Ach de réir dealraimh, tá an dea-aimsir sin tagtha agus imithe, tá mé ag breathnú amach ar an mbáisteach faoi láthair, agus tá mé théis rud éigin nua a fháil le mé féin a choinneáil gnóthach – agus ní ag caint faoi mo chuid léachtaí atá mé.

Tá mé páirteach anois i ngrúpa darb ainm ‘Ó Bhéal na mBan’, atá ag eagrú imeachtaí an mhí seo le béim speisialta ar fhilíocht na mban. Tá ochtar uilig againn sa ghrúpa, mná óga ó ollscoileanna éagsúla atá tiomanta i dtreo na litríochta. 

Anois ní haon fhile mise, níl an tréith áirithe sin agam. Ach níl aon chall do dhuine a bheith ina fhile le bheith in ann pléisiúr a bhaint as píosa filíochta, agus tá neart le foghlaim uaidh. 

Faoi láthair, tá físeán filíochta á réiteach againn. Tá mo chuid-se de sin déanta agam – scríobh é mo dhá líne filíochta, thaifead mé mé féin á rá agus sheol mé chuig Aimee é, duine de na cailíní sa ghrúpa. Tá an jab deacair aicise anois scannán slachtmhar a dhéanamh dínn uilig á rá agus ceol a chur leis. 

Dhá imeacht atá á eagrú againn, chomh maith le comórtas filíochta. Is éard a bheidh sa gcéad cheann ná amlíne filíochta ina mbeidh plé á dhéanamh ag an ochtar againn ar bhanfhilí na Gaeilge. Beidh sé sin ar bun Dé Satharn beag seo, ag a seacht. 

Is dóigh gurb í an dara himeacht an mórcheann: ceardlann na bhfilí. I láthair beidh Áine Ní Ghlinn, Celia de Fréine agus Ciara Ní É, triúr filí a bhfuil an-mheas agamsa orthu, agus tá mé féin ag súil le cúpla rud a fhoghlaim ón méid a bheidh le rá acu. Beidh buaiteoir an chomórtais filíochta á fhógairt an oíche sin chomh. 

Dar ndóigh agus rudaí ar Zoom anois, tá i bhfad níos mó deiseanna againn imeachtaí mar seo a reáchtáil, agus freastal orthu. Chonaic mé féin é seo agus mé ag plé dhindiúirí beaga na himeachta le seachtar cailíní nár casadh riamh orm (cé is moite de dhuine amháin). Níl gá anois ach cliceáil ar nasc Dé Sathairn le dul chuig an imeacht, in ionad a bheith ag taisteal agus ag tóraíocht na háite. 

Tá éascaíocht mhór mhillteach ag baint leis, sé sin mura gcliseann ar an idirlíon. Agus mar a dúirt duine de na cailíní liom cúpla seachtain ó shin nuair a bhí sruthlú beo á dhéanamh agam ar Instagram; Dia idir sinn agus na fadhbanna teicniúla!* 

Agus má tá tuilleadh eolais uait faoi na himeachtaí seo, tá chuile shórt le fáil ónar Linktree.

*Ní ag magadh atá mé ar chor ar bith nuair a deirim gur chlis an leictreachas orm faoi thrí le linn an bheo shruthú sin

Níos mó