Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-‘sraith-tuairisci’-beartaithe-ag-foras-na-gaeilge-faoi-obair-na-gceanneagraiochtai

‘Sraith tuairiscí’ beartaithe ag Foras na Gaeilge faoi obair na gceanneagraíochtaí

| Tuairisc.ie |

Níl aon chríoch i ndán go fóill don athbhreithniú atá á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar chóras na gceanneagraíochtaí Gaeilge le nach mór trí bliana anuas.

Foilsíodh anseo inné eolas faoi thuarascáil a rinneadh d’Fhoras na Gaeilge faoi obair na gceanneagraíochtaí, ach dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta nach raibh sa tuarascáil sin ach an chéad cheann “i sraith de thuairiscí”.

“Pléann an chéad tuairisc seo le héifeachtacht na struchtúr a bunaíodh in 2014. Tá sé i gceist againn tuarascálacha eile a choimisiúnú,” a dúirt urlabhraí Fhoras na Gaeilge.

I bhfreagra ar cheist Dála mí na Nollag seo caite, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go rabhthas ag súil go mbeadh an t-athbhreithniú ar na sé cheanneagraíocht curtha i gcrích “sa bhliain úr”.

Bhí na ceanneagraíochtaí féin ag súil chomh maith gur ghearr go mbeadh an t-athbhreithniú thart. Tuigeadh do na ceanneagraíochtaí go mb’fhéidir go mbeadh tuarascáil amháin eile le coimisiúnú mar gur chuir an phaindéim as d’ullmhú na tuarascála is déanaí ach údar iontais a bheidh ann dóibh go bhfuil sraith tuairiscí beartaithe.

Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil an comhlacht comhairliúcháin oideachais ROS aige, a d’ullmhaigh an tuarascáil An Cur Chuige Comhpháirtíochta – Luacháil  d’Fhoras na Gaeilge.

An cur chuige comhpháirtíochta a thugtar ar chóras na gceanneagraíochtaí a tugadh isteach in 2014.

Faoin gcóras nua laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn

Deirtear i réamhrá na tuarascála gur fhág an phaindéim nár éirigh leis na comhairleoirí deimhniú “lena súile” an cathair mar a tuairisc na torthaí a deir na ceanneagraíochtaí a bhíonn ar a gcuid oibre.

Seo an dara tuarascáil athbhreithnithe faoi earnáil dheonach na Gaeilge le cúpla bliain anuas, ach níor foilsíodh an chéad cheann riamh.

Mhaígh na ceanneagraíochtaí in 2019 go ndearna an Foras cinneadh “aontaobhach” maidir leis an gcéad tuarascáil athbhreithnithe, tuairisc a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Chuir na ceanneagraíochtaí  Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael –comhráiteas amach, rud neamhghnách go leor, ag cáineadh Fhoras na Gaeilge as “beag is fiú” a dhéanamh den “chomhpháirtíocht”.

Bhagair na sé cheanneagraíocht go n-éireoidís as an bpróiseas athbhreithnithe mura gcuirfeadh Foras na Gaeilge ar fáil dóibh cóip den tuarascáil a rinne an comhairleoir pleanála teanga, Colm Ó Cinnseala.

Ní bhfuair na ceanneagraíochtaí cóip den tuarascáil sin riamh.

Deirtear sa tuarascáil nua go leagann na ceanneagraíochtaí Gaeilge an iomarca béime ar líon na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu seachas ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin.

Déantar tagairt chomh maith sa tuarascáil, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie,  do theannas a bheith idir ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.

Maítear freisin go bhfuil “dúthracht” na gceanneagraíochtaí agus “a ndílseacht” don Ghaeilge “thar a bheith soiléir”. 

Níos mó