Tá deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineadh le postanna riaracháin sa choláiste.
Dheimhnigh OÉ, Gaillimh don Galway City Tribune an tseachtain seo gur thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht don chinneadh ag cruinniú a bhí acu anuraidh.
Roimhe seo bhíodh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin grád 1,2 agus 3 san ollscoil. Comhairle Acadúil na hOllscoile a mhol go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge.
Bhí conspóid mhór ann faoin gcinneadh a rinneadh in 2016 deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta OÉ, Gaillimh agus is cinnte go bhféachfar ar an gcinneadh is déanaí mar laghdú eile ar stádas na teanga san ollscoil.
De réir miontuairiscí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, duine amháin ar Údarás na hOllscoile a chuir i gcoinne an mholta go “ndéanfaí an riachtanas Gaeilge don fhoireann riaracháin Gráid 1-3 ar fad a aisghairm”.
Dúirt an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, ag an gcruinniú go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an bhfoireann a bhí “ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh” faoin riachtanas Gaeilge san ollscoil do phostanna riaracháin.
Mhaígh Scott go gcuirfeadh “go leor den fhoireann fáilte roimh an reacht” seo.
Dúirt urlabhraí ón Ollscoil gur tugadh isteach rialacháin nua maidir le daoine a bhfuil Gaeilge acu a fhostú mar chuid den chinneadh.
“Cuirtear seirbhísí na hOllscoile ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla faoi réir Scéim Teanga na hollscoile, a éilíonn go mbeidh ardchumas Gaeilge ag daoine i roinnt postanna i ngach aonad.
“Tá deireadh á chur leis an riachtanas go mbeadh leibhéal beag Gaeilge agus gach duine i bpostanna Riaracháin Gráid 1-3. Ach ní mór do gach bainisteoir a bheidh ag fostú foirne a aithint cén fostaí san aonad sin atá ábalta gnó an aonaid sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní féidir post a fhógairt agus gan ardchumas Gaeilge riachtanach chuige mura bhfuil an duine sin cheana san aonad.”
Nuair a ghlac Údarás OÉ, Gaillimh leis an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta in 2016, rinne baill foirne san ollscoil achainí dul siar ar an gcinneadh ach tugadh neamhaird orthu.
Dúirt lucht na hachainí go mbainfeadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin “an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile”.
Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.
Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí thar sáile.
Ceapadh cainteoir Gaeilge as cathair na Gaillimhe, Ciarán Ó hÓgartaigh, ina Uachtarán ar an Ollscoil in 2017.