Dúirt ceathrar as gach cúigear de na múinteoirí a ghlac páirt i suirbhé a rinne eagraíocht múinteoirí gur chóir go mbeadh cúiteamh ar fáil do dhaltaí a thugann faoi chúrsa nua do scrúdú Gaeilge na hArdteiste.
I suirbhé a rinne an eagraíocht An Gréasán, a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, dúirt 80% den bhreis is 400 duine a ghlac páirt sa suirbhé gur cheart marcanna bónais nó cúiteamh a thabhairt do dhaltaí a thabharfaidh faoin siollabas níos dúshlánaí.
Tá an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) i mbun comhairliúcháin faoi láthair faoi dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do scrúdú Gaeilge na hArdteiste – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla.
Chreid tromlach mór na múinteoirí a ghlac páirt i suirbhé An Gréasán gur cheart an comhairliúchán atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus an NCCA ar na dréachtsonraíochtaí a chur ar athlá.
Dúirt 95% gur cheart an comhairliúcháin a chur siar go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar dtús.
Dúirt 89% de na múinteoirí freisin gur cheart an comhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta a chur siar mar gheall ar an bpaindéim.
Tá go leor saineolaithe den tuairim gurb í an teip atá i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi. Tá imní léirithe freisin ag tuismitheoirí Gaeltachta freisin agus é ráite go ndéanfar “éagóir” ar dhaltaí ón nGaeltacht agus ó Ghaelcholáistí agus go bhfuil roinnt tuismitheoirí ag smaoineamh ar a gclann a chur chuig scoileanna Béarla chun nach mbeidh orthu tabhairt faoin siollabas níos deacra.
Tá ráite ag an Roinn Oideachais go bhfuil siad ag déanamh meastóireachta faoi láthair ar bhearta a spreagfadh daltaí le tabhairt faoin gcúrsa níos deacra don Ardteist. Dhiúltaigh an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers aon tuairim a léiriú faoin gconspóid nuair a ceistíodh iad an mbeadh siad i bhfabhar marcanna bónais.
D’éiligh 13 móreagraíocht teanga agus oideachais go gcuirfí stop “láithreach bonn” leis an bpróiseas don Ardteist nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach in 2017. Dhiúltaigh an Roinn Oideachais don éileamh sin, áfach.
Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil deis ann an scéal a phlé i gceart sa phobal faoi láthair de bharr na srianta atá i bhfeidhm agus mar gheall ar an mbrú breise atá ar mhúinteoirí agus ar phríomhoidí de dheasca na paindéime.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley, áfach, go raibh i bhfad níos mó ama ná mar is gnáth curtha ar leataobh don phróiseas.
Mar chuid den phróiseas sin is féidir suirbhé ar líne a líonadh isteach go dtí an 28 Bealtaine. Beidh fócasghrúpaí agus cruinnithe le heagraíochtaí ar leith mar chuid den phróiseas chomh maith agus beifear ag glacadh le haighneachtaí go dtí an 31 Lúnasa.
I measc na dtorthaí eile a bhí ar shuirbhé An Greásán, tugadh le fios go n-easaontaíonn 95% de mhúinteoirí leis an moladh go laghdófaí céatadán na marcanna don obair labhartha, agus creideann 87% de mhúinteoirí gur cheart go mbeadh cúrsa bonnleibhéil fós ar fáil do scoláirí.
Creideann múinteoirí freisin nach bhfuil go leor sonraí curtha ar fáil sna dréachtsonraíochtaí, agus gur gá sonrú níos mó a chur ar fáil ar na torthaí foghlama (97%), an litríocht (95%) agus ar an measúnú (98%) mar chuid den phróiseas.