Tá séanta ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh gur laghdú ar stádas na teanga san ollscoil an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phoist riaracháin.
Dúirt an Uachtarán Ciarán Ó hÓgartaigh gurb amhlaidh gur cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas mar chuid de phlean feabhas a chur ar sheirbhísí dátheangacha ar an gcampas.
I ndiaidh cruinniú de Choiste Straitéiseach na Gaeilge san ollscoil ar maidin, dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh go bhfuil polasaí nua ann go mbeadh ar chumas gach aonad ar fud an champais feidhmiú go dátheangach.
Chuige sin a cinneadh athbhreithniú a dhéanamh “ar an riachtanas íseal-leibhéal Gaeilge do phoist áirithe”, a dúirt sé.
Mhaígh sé go mbeadh “cumas níos fearr sa Ghaeilge” ag teastáil feasta do phoist áirithe sa choláiste.
Roimhe seo bhíodh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin grád 1,2 agus 3 san ollscoil.
De réir miontuairiscí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, duine amháin ar Údarás na hOllscoile a chuir i gcoinne an mholta go “ndéanfaí an riachtanas Gaeilge don fhoireann riaracháin Gráid 1-3 ar fad a aisghairm”.
Dúirt an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, ag an gcruinniú anuraidh go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an bhfoireann a bhí “ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh” faoin riachtanas Gaeilge san ollscoil do phostanna riaracháin.
Mhaígh Scott go gcuirfeadh “go leor den fhoireann fáilte roimh an reacht” seo.
Bhí Ó hÓgartaigh ag tagairt don scéala go raibh deireadh curtha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineadh le postanna riaracháin sa choláiste.
Aistríodh an fhreagracht as an nGaeilge san ollscoil ó Oifig an Rúnaí go hOifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí in 2019. D’fhág sin go raibh cúram na Gaeilge ar an dara duine is sinsearaí ar fhoireann bainistíochta na hollscoile, a dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh.
“I bhfianaise na n-athruithe sin, a ardaíonn stádas na Gaeilge i struchtúr bainistíochta na hOllscoile, bhí sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe rialachais maidir le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge in OÉ Gaillimh,” arsa Ciarán Ó hÓgartaigh.
In 2020 a bunaíodh an Coiste Straitéiseach ardleibhéil don Ghaeilge san ollscoil faoi chathaoirleacht an Uachtaráin.
Tá straitéis “uaillmhianach” d’fhorbairt na Gaeilge” san Ollscoil le foilsiú an mhí seo chugainn, a maíodh.
Nuair a ghlac Údarás OÉ, Gaillimh leis an gcinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta in 2016, rinne baill foirne san ollscoil achainí dul siar ar an gcinneadh ach tugadh neamhaird orthu.
Dúirt lucht na hachainí go mbainfeadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost an uachtaráin “an bonn de mhisean sainiúil agus d’fhéiniúlacht na hOllscoile”.
Pléadh an cheist i dTithe an Oireachtais agus dúirt duine d‘iar-uachtaráin na hollscoile Iognáid Ó Muircheartaigh gur údar ‘díomá’ ab ea an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.
Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí thar sáile.
Ceapadh Ciarán Ó hÓgartaigh, cainteoir Gaeilge as cathair na Gaillimhe, ina Uachtarán ar an Ollscoil in 2017.