Ceisteofar Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo faoi thuarascáil ina ndeirtear go bhfuil sárú á dhéanamh ag na Gardaí ar an dlí teanga.
Beidh Harris os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais amárach.
Tugadh cuireadh don Choimisinéir teacht os comhair an choiste chun ceisteanna a fhreagairt faoi theip an fhórsa cloí leis an reachtaíocht i dtaobh seirbhísí Gaeilge.
Baineann an sárú leis an dualgas atá ar an nGarda Síochána dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.
Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais an mhí seo caite mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí in imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011.
Deir baill den Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go bhfuil sé in am ag an nGarda Síochána míniú a thabhairt ar cén fáth go bhfuil teipthe orthu a ndualgas teanga a chomhlíonadh.
“Caithfear [an Coimisinéir Harris] a cheistiú faoi na hiarrachtaí atá ar siúl acu, má tá aon rud ar siúl acu, agus cathain a bheidh aon torthaí le feiceáil,” arsa an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Ó Muimhneacháin. “Tá sé seo ag imeacht ar aghaidh i bhfad rófhada anois.”
Is í an tuarascáil chuig Tithe an Oireachtais an beart deireanach a d’fhéadfadh an Coimisinéir Teanga a dhéanamh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána a ndualgas a chomhlíonadh.
Dúirt an Coimisinéir ag an am go raibh “an easpa gnímh soiléir” sna geallúintí is déanaí a fuair sé ón nGarda Síochána i leith an scéil.
“Nuair a fheiceann tú go bhfuil an Coimisinéir Teanga ag seoladh tuarascáil chuig Tithe an Oireachtais, ní tharlaíonn sin rómhinic in aon chor,” arsa Ó Muimhneacháin.
“Léiríonn sé an tslí go bhfuil sé siúd tar éis an-chuid iarrachtaí a dhéanamh dul i ngleic leis na Gardaí mar gheall air seo ach nach mbraitheann sé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh.”
Léirigh anailís Tuairisc.ie mí na Nollag nach raibh Gaeilge ach ag an tríú cuid de Ghardaí na Gaeltachta. Léiríonn na figiúirí, atá bunaithe ar áireamh a rinneadh i Meán Fómhair 2020, go bhfuil Gaeilge ag 35 den 101 Garda atá lonnaithe i 21 stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht.
Deir Ó Muimhneacháin go bhfuil sé i gceist aige ceisteanna a chur ar Drew Harris maidir leis an bhfadhb seo agus céard iad na hiarrachtaí atá ar bun chun í a réiteach.
“Caithfear fáil amach uaidh cad é go díreach atá in aigne aige, canathaobh an mhoill, cad a bhí ar siúl ar feadh na mblianta agus cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh anois chun a chinntiú go mbeidh daoine ar fáil chun postanna i mBaile Bhuirne agus in áiteanna eile a líonadh.”
Chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly fáilte roimh an deis an Coimisinéir Harris a cheistiú. Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach fáil amach cén fáth gur bhraith an Coimisinéir Teanga go raibh air céim “shuntasach” a ghlacadh agus an tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais.
“Uimhir a haon, cén chaoi gur tháinig sé go dtí an pointe seo go raibh ar an gCoimisinéir Teanga rud chomh neamhghnách sin a dhéanamh agus an tuarascáil a leagan os comhair Thithe an Oireachtais.
“Uimhir a dó, cad é an dul chun cinn anois? An bhfuil na moltaí fós dúshlánach nó cad é an spriocam chun na moltaí a chomhlíonadh,” arsa Connolly.
“Tá an dlí á shárú acu agus ní dea-shampla é sin. Tá Acht an Gharda Síochána 2005 sáraithe acu. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla sáraithe acu. Is rud tromchúiseach é.”