Tá ráite ag Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur ag aithris ar an méid a bhí ráite roimhe ag láithreoir de chuid Raidió na Gaeltachta a bhí sé nuair a d’úsáid sé an téarma Óglaigh na hÉireann agus é ag trácht ar an IRA.
Rinne Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, beag is fiú de ráiteas a chuir an tAire Stáit Martin Heydon amach á cháineadh faoi Óglaigh na hÉireann a thabhairt ar an IRA ar an gclár Tús Áite.
Nuair a d’iarr Tuairisc.ie ráiteas ar Aengus Ó Snodaigh faoin gcáineadh, dúirt sé gurb amhlaidh gurb é láithreoir an chláir, Fachtna Ó Drisceoil, is túisce a d’úsáid an téarma.
Dúirt sé gur chuir Fachtna Ó Drisceoil ceist air faoi “Óglaigh na hÉireann” agus gur thug sé freagra ar cheist faoi “Óglaigh na hÉireann” ina dhiaidh sin.
Ba é Fachtna Ó Drisceoil ba thúisce a d’úsáid an téarma Óglaigh na hÉireann mar chur síos ar an IRA sa mhír a craoladh ar Tús Áite tráthnóna Déardaoin seo caite. Na tuairiscí go bhfuil faoi Rialtas na Breataine pardún a thabhairt d’iarshaighdiúirí a bhí á bplé.
Nuair a cheistigh Tuairisc.ie láithreoir Tús Áite faoi úsáid an téarma Óglaigh na hÉireann, dúirt sé nach raibh aon rud le rá aige faoin scéal.
Ag tagairt don mhír ar Tús Áite, dúirt Martin Heydon, Aire Stáit de chuid pháirtí Fhine Gael, go raibh sé thar am ag Teachtaí Dála Shinn Féin éirí as a bheith ag tagairt don IRA Sealadach mar Óglaigh na hÉireann.
“Níl ach Óglaigh na hÉireann amháin sa tír seo agus sin iad Fórsaí Cosanta na hÉireann,” a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Martin Heydon.
Dúirt Heydon gur “náire shaolta” é go mbeifí ag tabhairt Óglaigh na hÉireann ar an IRA.
“A leithéid de mhasla dár bhFórsaí Cosanta,” ar sé.
“Tá sé in am ag páirtí an Teachta Mary Lou McDonald é seo a stopadh. An dtugann siad aitheantas d’Óglaigh na hÉireann? An dtugann siad aitheantas d’Fhórsaí Cosanta na hÉireann?
“An dtugann Sinn Féin aitheantas d’Óglaigh na hÉireann mar an t-arm oifigiúil agus an t-aon arm sa Stát? Is cinnte go bhfuil an chuma air nach amhlaidh an cás agus tá sé an-tábhachtach go dtuigeann chuile dhuine é sin…”
“Tugann ár bhFórsaí Cosanta seirbhís chróga don tír seo – níor fhág sceimhlitheoirí againn ach pian, ár agus doirteadh fola,” a dúirt an tAire Heydon.
Tugann téarma.ie, bunachar téarmaí oifigiúla an Choiste Téarmaíochta dhá rogha mar aistriúchán ar the Irish Republican Army nó an IRA – an IRA agus Óglaigh na hÉireann. Deirtear go mbaineann na téarmaí le cúrsaí staire, eagraíochtaí agus póilíneachta.
Óglaigh na hÉireann atá ag an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge ar the Irish Republican Army, ach deirtear gur teideal stairiúil atá i gceist. Óglaigh na hÉireann atá ag foclóir.ie agus tearma.ie ar The Defence Forces agus ar The Irish Volunteers.
An tIRA Sealadach atá ag an bhfoclóir nua ar the Provisional IRA, teideal nach bhfuil ar fáil ar téarma.ie.
Cumadh an frása Óglaigh na hÉireann mar theideal Gaeilge ar na ‘Irish Volunteers’ i 1913.
Sa bhliain 1919 tugadh arm Phoblacht na hÉireann nó an IRA ar na hÓglaigh. Chloígh cuid acu leis an teideal Óglaigh na hÉireann i nGaeilge, ach an IRA a roghnaigh a dtromlach chun cur síos orthu féin as sin amach.
Éilíonn arm na hÉireann agus an IRA Sealadach araon gur acusan amháin atá ceart chun an teideal Óglaigh na hÉireann a úsáid agus gurb iadsan amháin fíor-oidhrí na ‘Irish Volunteers’ agus Arm na Poblachta (IRA) i gCogadh na Saoirse.
Úsáideann mionghrúpaí eile a scoilt ón IRA an teideal Óglaigh na hÉireann chomh maith.
Ón mbliain 1924, Óglaigh na hÉireann an teideal oifigiúil Gaeilge atá ar na Fórsaí Cosanta agus aithnítear iad mar an t-aon fhórsa armtha dlisteanach sa stát a bhfuil aitheantas Rialtas an hÉireann aige.