![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-peatai-le-gaeilge-a-lorg-do-chlar-ar-bbc-ni](/wp-content/themes/yootheme/cache/51/39032-peatai-le-gaeilge-a-lorg-do-chlar-ar-bbc-ni-513d0eaf.jpeg)
Peataí le Gaeilge á lorg do chlár ar BBC NI
Tá peataí le Gaeilge á lorg ag an gcomhlacht léiriúcháin Big Mountain Productions don chéad séasúr eile dá sraith Peataí. Beidh na saineolaithe ainmhithe ar ais ag preabchlinic Peataí i gcontae an Dúin agus iad ag tabhairt comhairle agus cúnaimh d’úinéirí peataí don séasúr nua.
Táthar sa tóir ar pheataí a bhfuil fadhbanna sláinte acu, madraí a dteastaíonn seisiún grúmaeireachta uathu, ainmhithe a bhfuil nósanna neamhghnácha iompair acu, agus peataí a bhfuil ‘tallann speisialta’ acu chomh maith.
Craoladh an chéad séasúr de Peataí ar BBC 2 NI ag tús na bliana seo. Taifeadadh an clár ag an Ark Farm i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin. Ba í Tessa Fleming as contae Mhuineacháin a bhí ina láithreoir agus í ag labhairt leis an tréidlia Ellen Hegarty, an grúmaeir Paul Ó Gallachóir, agus an iompraí ainmhithe Paula Doohan.
Is féidir le daoine a bhfuil peataí breátha Gaelacha acu teagmháil a dhéanamh le Big Mountain Productions ar ríomhphost.