Beidh deis ag daoine idir 40-49 bliain d’aois clárú do vacsaín in aghaidh an Covid-19 ón lá amárach.
Vacsaíní mRNA amhail Pfizer agus Moderna a chuirfear ar fáil don aoisghrúpa seo ar dtús.
De réir tuairisce ar RTÉ inniu, cé go gcuirfear tús amárach le clárú daoine idir 40-49 beidh tamall ann sula gcuirfear slacht ar an bplean go dtabharfaí snáthaidí Johnson & Johnson agus AstraZeneca dóibh chomh maith.
Meastar go dtabharfar cead ina dhiaidh sin do dhaoine idir 40-49 bliain d’aois vacsaíní Johnson & Johnson agus AstraZeneca a fháil.
Tá moladh curtha faoi bhráid NPHET ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonacht go n-ísleofaí an teorainn aoise do na snáthaidí sin ó 50 go 40 bliain.
Beidh deis ag daoine idir 40-49 glacadh le vacsaín Johnson & Johnson nó AstraZeneca nó fanacht ar cheann mRNA amhail Pfizer nó Moderna.
Is sa chás nach mbeidh prioc Pfizer nó Moderna ar fáil a thabharfar rogha do dhaoine san aoisghrúpa sin ceann Johnson & Johnson nó AstraZeneca a fháil.
Roimhe seo ní rabhthas chun snáthaidí Johnson & Johnson agus AstraZeneca a cheadú ar chor ar bith d’aon duine faoi bhun 50 bliain d’aois. Beidh coinníollacha éagsúla ag baint lena gceadú do dhaoine níos óige ná sin.