Buaileadh buille mór ar theangacha réigiúnacha na Fraince inniu nuair a rialaíodh go raibh dlí nua a tugadh isteach lena gcosaint míbhunreachtúil.
Measadh gur lá stairiúil a bhí ann an mhí seo caite nuair a tugadh isteach an dlí nua chun teangacha réigiúnacha a chur chun cinn ar fud na tíre.
Ba é an chéad uair ar tugadh isteach dlí nua ar mhaithe leis na teangacha réigiúnda ó bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince i 1958.
Faoin dlí nua cheadófaí do scoileanna teagasc i dteanga réigiúnach amháin don chuid is mó den lá agus is de réir a chéile a thabharfaí teagasc na Fraincise isteach.
Ach tá cinneadh déanta anois ag Comhairle Bunreachta na Fraince, nó Les Sages, go bhfuil an tumoideachas “míbhunreachtúil”.
Dúirt Paul Molac, an feisire as an mBriotáin a chuir an bille chun cinn, go raibh cinneadh na Comhairle “dothuigthe”.
“Is uafásach an scéal é go bhfuil an Chomhairle Bunreachta ag rá go bhfuil modh teagaisc in aghaidh an bhunreachta,” arsa Molac.
Dúirt sé gur “buille tubaisteach” a bhí ann do theangacha réigiúnda agus go raibh an cinneadh “glan in aghaidh” na fianaise go léir faoi fhiúntas an tumoideachais le 50 bliain anuas.
Mhaígh an Chomhairle Bunreachta go raibh dhá alt den bhille in aghaidh Alt 2 de Bhunreacht na Fraince a deir gurb í an Fhraincis “teanga na Poblachta”.
Dúirt Paul Molac gur gá bille nua a thabhairt isteach chun na teangacha réigiúnda a chur san áireamh in Alt 2.
Thacaigh móramh mór leis an mbille faoin tumoideachas sa tionól náisiúnta, an Assemblée nationale an mhí seo caite. 247 feisire a vótáil ar a shon, 76 a bhí ina choinne agus staon 19.
Níor thacaigh La République En Marche! páirtí an Uachtaráin Emmanuel Macron ná an tAire Oideachais Jean-Michel Blanquer leis an mbille nua.
Dúirt daoine eile gur botún a bhí ann an tumoideachas a thabhairt isteach mar nach mbeadh dóthain acmhainní ann lena chur i bhfeidhm i gceart.
Incroyable ! Le conseil constitutionnel censure l’enseignement par immersion et l’usage des signes diacritiques en #languesregionales car contraire à l’article 2. Je réclame en urgence un projet de loi constitutionnel pour modifier cet article.
— Paul Molac (@Paul_Molac) May 21, 2021