![](/wp-content/themes/yootheme/cache/ba/image003-6-baa33fbd.jpeg)
Sea , Sea , Sea ! Yes, Yes, Yes ! Ulysses as Gaeilge
Sea , Sea , Sea ! Yes, Yes, Yes ! Ulysses as Gaeilge
Ar líneCloistear macallaí Hóiméir i mórshaothar Joyce. Dhein Séamas Ó hInnéirghe agus Séamas Ó Mongáin Ulysses Joyce a aistriú agus foilsíodh é i ndosaen mionphaimfléad. Roghnaigh Eoin P Ó Murchú blúirí astu a léifidh na haisteoirí Hilary Bowen-Walsh, Eoin Ó Dubhghaill agus Seán T. Ó Meallaigh. Chomh maith leis sin cloisfear amhráin á rá ag Noel O’Grady a shamhlaítear le haimsir an tSeoighigh agus teilgfidh Margaret Lonergan íomhánna ar scáileán de Bhleá Cliath i dtús an 20ú haois.
Imeacht de chuid Imram , léirithe ag Liam Carson i gcomhair le leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath don ocáid seo mar chuid de sraith, Labhair Linn sa Leabharlann agus curtha i láthair ag Tristan Rosenstock.
Clárú / Booking: https://www.eventbrite.ie/e/sea-sea-sea-yes-yes-yes-ulysses-in-irish-tickets-158145731139?aff=ebdssbeac