373 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
54 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 18 acusan in aonad dianchúraim.
Dúirt Príomhoifigeach na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan tráthnóna go bhfuil “an galar ag dul i ndísc” sa stát.
Tá deireadh beagnach curtha leis an Covid-19 i measc na ndaoine a bhfuil an vacsaín faighte acu, a dúirt sé.
Dúirt Holohan go raibh an líon cásanna ag laghdú sa gcuid is mó de na haoisghrúpaí, toisc daoine a bheith ag cloí leis na bearta sláinte phoiblí agus níos mó agus níos mó daoine á vacsaíniú faoin gclár vacsaínithe, a dúirt sé.
“Tá chuile tháscaire den ghalar ag feabhsú ar fud na tíre,” a dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET).
“Bhí líon na gcásanna seasmhach san Aibreán agus sa mBealtaine, idir 400-500 cás sa lá agus is 303 an meán thar chúig lá faoi láthair.”
Le coicís anuas tá líon na ndaoine a chuireann Covid-19 san ospidéal laghdaithe ó 103 go 57.
“Má leanaimid orainn leis na bearta sláinte phoiblí agus leis an vacsaíniú agus na cineálacha nua, Delta mar shampla, a choinneáil ó dhoras, laghdófar contúirt an Covid-19 sa tír.”
Dúirt an tOllamh Nolan gur aimsíodh formhór na gcásanna den chineál Delta agus iad ag teacht isteach sa tír nó go luath ina dhiaidh sin.
“Fíorbheagán” daoine a fuair bás de dheasca an ghalair ó mhí Aibreáin, arsa Nolan.
D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig anuas. 179 cás nua a deimhníodh. 16 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.
Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,128,670 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 782,569.
7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,154 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Sláinte, gurb í an chomhairle is deireanaí ó Choiste Comhairleach Imdhíonachta na hÉireann (NIAC) nach inmholta na dáileoga vacsaíne a mheascadh.
“Mholfainn d’aon duine a bhfuil an dara snáthaid den AstraZeneca le fáil acu glacadh léi, ionas go mbeidh cosaint iomlán acu in aghaidh an Covid-19,” a dúirt Glynn.