Deir Seanadóir de chuid Fhianna Fáil gur léirigh an Tánaiste “drochmheas ollmhór” ar an nGaeilge agus lucht a labhartha nuair a dúirt sé an gur gá machnamh a dhéanamh ar stádas na teanga má tá Éire Aontaithe le bheith ann.
Dúirt Lorraine Clifford-Lee go bhfuil sé “dochreidte” go mbeadh an Tánaiste Leo Varadkar ag caint faoi stádas na Gaeilge a athrú. Dúirt an Seanadóir le Tuairisc.ie nach bhfuil “cás ar bith le déanamh” do stádas bunreachtúil na teanga a leasú.
“Rinne sé tagairt don mhéid seo cheana agus tá díomá ollmhór orm, cé nach bhfuil iontas orm,” a dúirt Clifford-Lee.
“Ní féidir linn stádas agus ról na teanga sa stát a chur san áireamh nuair atá muid ag plé Éire Aontaithe.”
Is ag labhairt ag Ard-Fheis Fhine Gael an tseachtain seo a bhí an Tánaiste nuair a dúirt sé gur cheart do dhaoine a bheith “oscailte” ó thaobh na n-athruithe a bheadh ag teastáil chun Éire Aontaithe a bhaint amach, stádas ár dteangacha ina measc.
“Caithfimid a bheith sásta ár machnamh a dhéanamh faoi gach a mbeimis sásta a athrú – teidil nua, siombailí comhroinnte, conas a luífeadh an déabhlóid sa Tuaisceart leis na socruithe nua, Seanad nua chun ionadaíocht na mionlach a neartú, ról agus stádas ár dteangacha, caidreamh nua a bheidh níos dlúithe leis an Ríocht Aontaithe,” a dúirt Varadkar.
Is í seo an dara huair i mbliana agus an tríú huair le cúpla bliain anuas go bhfuil stádas na Gaeilge luaite ag an Tánaiste agus ‘Éire Aontaithe’ á plé.
I dteachtaireacht a chuir sí amach ar Twitter, dúirt an Seanadóir Clifford-Lee:
“Níor chóir go scriosfaí ról agus stádas na Gaeilge go deo. Tugadh an oidhreacht shaibhir teanga sin anuas chugainn trí na glúnta agus tá sí oscailte agus ionchuimsitheach. Is mór an t-údar díomá caint an Tánaiste.”
Mheas sí go ndearna Leo Varadkar a chuid cainte ar mhaithe le haird na meán a tharraingt.
“Léiríonn sé drochmheas ollmhór go mbeadh an Tánaiste sásta seo a rá ar mhaithe le ‘soundbite’,” ar sí. “Níl sé tar éis dul i dteagmháil le lucht labhartha na Gaeilge agus níl sé ach ag iarraidh ceannlínte a fháil.”
Dúirt sí nach dtacódh an pobal le hathrú ar stádas na Gaeilge. Ní raibh an cheist pléite ag Fianna Fáil mar nach ndéanfadh an páirtí a leithéid go deo, a dúirt sí.
“Is príomhaidhm de chuid Fhianna Fáil é an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha na ndaoine agus níl aon athrú chun teacht ar an aidhm sin ar chor ar bith.”
Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee go mbeadh sí sásta tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Ultais mar chuid d’Éire Aontaithe. Nuair a iarradh uirthi an mbeadh sí sásta an Ultais a chur ar comhchéim leis an nGaeilge, dúirt sí go mbeadh uirthi machnamh a dhéanamh ar an scéal.
”Nílim tar éis smaoineamh faoi i gceart ach tá ábhar comhrá ann. Chaithfeadh muid é sin a phlé ach nílim sásta aon rud a dhéanamh a bhainfeadh de stádas na Gaeilge,” a dúirt Clifford-Lee.