Déanfar ceiliúradh anocht ar an bhfonnadóir agus aisteoir aitheanta as Cor na Rón Máire Phetir Uí Dhroighneáin.
Mar chomhartha buíochais agus ómóis di atá an ócáid cheiliúrtha á heagrú Tigh Chualáin i gCoill Rua anocht agus chun aitheantas a thabhairt don spreagadh agus sampla iontach atá tugtha aici do ghlúin óg fonnadóirí i gceantar Chois Fharraige.
Cuirfear tús leis an gceiliúradh ag a 7.00pm nuair a bheidh fonnadóirí óga an cheantair ag tabhairt léiriú ar thoradh a cuid oibre.
Ina dhiaidh beidh fonnadóirí agus cairde Mháire Phetir ag gabháil fhoinn agus beidh fáilte roimh aon duine ar mhaith leo stéibh a chasadh nó éisteacht le hamhrán breá ar a gcompord.
Tá Corn na mBan tugtha léi ag Máire Phetir ón Oireachtas agus in 2004 bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life uirthi. Sa mbliain 2006 bhí Máire ina hamhránaí cónaitheach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhí na hamhráin sa dúchas ag Máire mar bhíodh a máthair, Máire Nic Con Ríogh as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua, seasta ag gabháil fhoinn agus í i mbun a cúraim timpeall an tí.
Aisteoir paiteanta í Máire chomh maith a chaith blianta le Cumann Drámaíochta ina ceantar dúchais i gCois Fharraige. Ba í Máire a bhí i bpáirt Phil sa dráma cáiliúil ar RTE Raidió na Gaeltachta Baile an Droichid agus tá páirt Mháire sa B&B aici sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4 ó1996.
Tá ardcháil agus an-mheas go deo ar Mháire mar amhránaí agus mar mhúinteoir amhránaíochta. Tá cuid mhaith de thríocha bliain caite aici i mbun ranganna do dhaoine óga san amhránaíocht ar an sean-nós ó thosaigh An Gaelacadamh agus Ealaín na Gaeltachta ag cur ranganna ar bun.
D’éirigh sí as na ranganna cúpla seachtain ó shin ach sna blianta sin, tá a suim, a cumas agus a gean ar an amhránaíocht roinnte ag Máire Phetir le glúin nó dhó eile d’fhonnadóirí.
Deirtear gurb é an ceacht is mó atá foghlamtha ag na printísigh seo ó Mháire Phetir gur ealaín é an sean-nós a chasann tú ar do dheis agus de ghrá an cheoil agus an amhráin seachas mar gheall ar aon duais ná aon mholtóir.
“Bean uasal a bhíonn séimh, foighdeach agus tuisceanach i gcónaí,” a deir dalta amháin dá cuid. “Bíonn sí ina Mamaí againn ar fad ach a cluas ghéar i gcónaí aici leis na focail.”
Bua eile a luaitear léi ná an bealach séimh cineálta atá aici le gasúir agus an gliondar a bhíonn orthu freastal ar a cuid ranganna, bídís ina ngasúir ceithre bliana, ina ndéagóirí nó ina ndaoine fásta.
“Thug na fonnadóirí óga leo amhráin a gceantair féin go cruinn, go ceolmhar agus go ceart agus bíonn an-time go deo acu á dhéanamh. Ag rith go dtí na ranganna a bhíodh na gasúir oíche Shathairn,” a dúirt tuismitheoir amháin.