Ainmneacha Gaelacha le bríonna gleoite
Is é an rud is suntasaí faoi ainmneacha Gaelacha ná go bhfuil míniú spéiriúil le gach ceann, le tionchar mór ó thraidisiún agus oidhreacht na hÉireann. Is deacair é cúpla ainm Gaelach a roghnú mar tá go leor le fáil le bríonna fíorspéisiúl. Seo thíos na hainmneacha a bhfuil dúil faoi leith againn iontu.
Seanán
Ciallaíonn an t-ainm seo ‘little wise person’. Nach bhfuil sé go hálainn. Bíonn gach páiste cliste i slí éigin ach tá an bhrí sin chomh gleoite.
Bláthnaid
Caithfear a rá go mbíonn an-tóir ar an ainm seo agus is furasta a fheiceáil cén fáth. Tagann an focal seo ó ‘bhláth’ sa Ghaeilge a chiallaíonn ‘flower’.
Orlaith
Tá cúpla slí difriúl ann chun an t-ainm seo a litriú (Órla, Orlaith, Orfhlaith) ach tá an míniú miotasach céanna acu go léir. Ciallaíonn sé ‘golden princess’. Tá a fhios ag formhór againn an tábhacht a bhaineann le béaloideas in oidhreacht na hÉireann, agus léiríonn an t-ainm ‘Orlaith’ an tábhacht sin.
Oisín
Ciallaíonn an t-ainm ‘Oisín’, ‘little deer’. Miniú neamhghnách atá ar an ainm coitianta seo ach tagann sé ón scéal faoin laoch Fionn Mac Cumhaill. Tiontaíodh máthair Oisín ina fia agus thóg sí Oisín san fhoraois le blianta. Lá amháin, chuaigh Fionn i mbun seilge agus d’aithin sé a mhac san fhoraois. Mar sin, thug Fionn an leasainm air ‘little deer’.
Feidhelm
Ainm neamhghnách atá i gceist anseo gan amhras ach le míniú cumhachtach. Ciallaíonn sé ‘beauty’ nó ‘ever good’. Bhí triúr Rí i gCúige Mumhan fadó darb ainm Feidhelm, is ainm fíor láidir é dár ndóigh.
Conlaoch
Agus an meall mór ar deireadh, ‘Conlaoch’ a chiallaíonn ‘hero’ nó ‘chief’. Dar leis an mbéaloideas, bhí mac ag Cú Chulainn agus Aoife darb ainm ‘Conlaoch’. Ní chloistear é go minic ach tá rud inspioráideach ag baint leis an gceann seo mar i mbéaloideas na hÉireann, bhí go leor carachtar ann leis an ainm ‘Conlaoch’.