![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F09%2FAg-Spreagadh-Cinniri-Gaeilge-inar-Scoileanna.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=da5b15e7)
Ag Spreagadh Cinnirí Gaeilge inár Scoileanna: Guth agus Ról na Scoláirí mar Cheannairí Teanga
Ag Spreagadh Cinnirí Gaeilge inár Scoileanna: Guth agus Ról na Scoláirí mar Cheannairí Teanga
Ar líne29 Meán Fómhair ag 19.00 ar Zoom
Aoichainteoir: Ciarán Ó Conghaile, Múinteoir Gnó, Cuntasaíochta & Gaeilge, Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
Dírithe ar: Múinteoirí agus Príomhoidí Iar-bhunscoile
Tabharfar cur síos sa seimineár seo ar thaighde a rinneadh ar scoláirí sinsearacha san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Scoláirí iad seo a aithníodh ina ndea-eiseamláirí teanga agus mar ‘Cinnirí Gaeilge’ sa scoil. Bhí glór na scoláirí lárnach sa taighde seo agus gheofar blaiseadh de thuairimí ó bhéal na scoláirí maidir leis an ról a bhí idir láimhe acu.
Le blianta beaga anuas, tá taighdeoirí ag plé le tuairimí scoláirí agus is deis foghlama iontach dúinn uile í na tuairimí sin a chur san áireamh agus iarracht á déanamh againn an Ghaeilge a chur chun cinn i measc scoláirí na linne seo. Roinnfear smaointe agus moltaí praiticiúla le múinteoirí agus príomhoidí a bhféadfadh siad a chur i bhfeidhm ina scoileanna féin. Beidh an seimineár seo úsáideach freisin d’éinne atá ag déanamh athbhreithnithe ar Pholasaí Gaeilge na scoile.
Is múinteoir iar-bhunscoile é Ciarán Ó Conghaile i gColáiste Cois Life, Leamhcán. Tá deich mbliana de thaithí aige ag plé leis an nGaeloideachas i scoil Ghaeltachta agus anois i scoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá cúrsa iarchéime bainte amach aige i gColáiste Mhuire gan Smál ar an ábhar freisin. “Dea-eiseamláirí teanga. Cén chaoi a dtéann ról na gCinnirí Gaeilge i bhfeidhm ar scoláirí sinsearacha na scoile?” teideal an tráchtais a d’aighnigh sé. Cuireann sé oiliúint ar fáil do mhúinteoirí atá ag freastal ar an Teastas iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe, cúrsa a dhéantar freastal ar na riachtanais forbartha gairmiúla a bhíonn ag múinteoirí san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta.
Cláraigh anseo roimh ré: https://gaeloideachas.ie/ag-spreagadh-cinniri-gaeilge-inar-scoileanna-guth-agus-rol-na-scolairi-mar-cheannairi-teanga/