Tá 1,545 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
335 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 367 inné, agus bhí 56 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 59 a bhí i gceist inné.
1,210 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,430 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
454 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (461 a bhí i gceist inné) agus tá 44 díobhsan in aonad dianchúraim (45 a bhí i gceist inné). Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,293,709 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,181,487 duine.