Tá sé i geist ag an Roinn Oideachais cúrsa nua lán-Ghaeilge a bhunú do chéimithe atá ag iarraidh dul leis an múinteoireacht.
Tá iarratas déanta ag an Roinn ar eolas ó choláistí tríú leibhéal a mbeadh suim acu an cúrsa nua a chur ar fáil. Cúrsa dhá bhliain a bheadh i gceist agus bheadh na mic léinn cáilithe ina múinteoirí iarbhunscoile.
Tá ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley gur Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas a bheadh i gceist leis an gcúrsa nua, macasamhail an chúrsa MGO atá á mhúineadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair. D’fhágfadh sin nár ghá do mhic léinn céim sa mhúinteoireacht a bheith déanta acu mar bhunchéim chun áit ar an gcúrsa iarchéime a bhaint amach.
Cé go bhfuil ganntanas múinteoirí atá ábalta teagasc trí Ghaeilge ann i láthair na huaire, ní fios go fóill cén t-éileamh a bheadh ar an gcúrsa nua.
Agus í ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i rith an tsamhraidh, dúirt Treasa Kirk, Príomhchigire Cúnta sa Roinn Oideachais agus Ceannasaí ar an Aonad um Oideachas Gaeltachta, go raibh méadú tagtha ar líon na mac léinn a thug faoin MGO in OÉ Gaillimh, ó cuireadh acmhainní breise ar fáil don chúrsa agus go raibh an t-éileamh ar an gcúrsa sin “slán”.
Dá rachfaí ar aghaidh leis an gcúrsa nua, gné nua amháin a bheadh ann, nach bhfuil i gceist leis an MGO in OÉ Gaillimh, ná go bhfuil sé luaite ag an Roinn Oideachais go mbeadh foghlaim chumaisc mar chuid den chúrsa nua, is é sin le rá go ndéanfaí cuid de ar líne.
Tá tuairim ann go bhféadfaí mic léinn in oirthear na tíre nó ó Ghaeltachtaí Thír Chonaill agus na Mumhan, nach mbeadh ablata nó fonn orthu an cúrsa i nGaillimh a dhéanamh, a mhealladh i dtreo an chúrsa nua dá mbeadh siad in ann cuid den fhoghlaim a dhéanamh ar líne.
Tá iarrtha ag an Roinn go gcuirfeadh na páirtithe leasmhara aighneachtaí faoi bhráid na Roinne roimh an 5 Samhain agus go bhféadfaí próiseas tairisceana a chur ar bun sna míonna amach romhainn.
Cuirfidh lucht an Ghaeloideachais fáilte roimh an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais ag scrúdú cúrsa nua a bhunú mar aitheantas go bhfuil géarchéim ann le tamall maidir le heaspa múinteoirí oilte chun dul ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá rabhadh faighte ag an Roinn Oideachais óna cigirí féin faoin nganntanas múinteoirí atá cáilithe le bheith ag teagasc i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
Dúradh i dtuarascáil a foilsíodh an mhí seo caite gur ghá don Roinn leanúint dá hiarracht réiteach a fháil ar “cheisteanna a bhaineann le soláthar múinteoirí le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge, i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.
Tugadh le fios go mbíonn sé deacair múinteoirí iarbhunscoile le “cumas cuí sa Ghaeilge” a earcú d’ábhair áirithe agus go mbíonn gá freisin le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a bhíonn ar bheagán Gaeilge.
Dúirt ceannasaí na heagraíochta Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, gur léirigh an tuarascáil an phráinn a bhaineann leis an bhfadhb.