Tá athbhreithniú le déanamh ar chinneadh Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste comhartha sráide i nGaeilge a chrochadh mar go bhfuil sé ina imní go gcuirfí an comhartha ar halla Oráisteach.
Fuair an DUP tacaíocht ó gach taobh nuair a mhol siad go ndéanfaí plé arís ar an gcinneadh comhartha sráide nua Gaeilge a chur ar Shráid Clifton.
Léiríodh imní go bhféadfadh go roghnófaí Halla Oráisteach ar choirnéal na sráide sin mar an áit ab fhearr leis an gcomhartha nua a chur.
Dúirt comhairleoir de chuid an DUP, Brian Kingston, go raibh an halla Oráisteach i dteagmháil leis féin lena ndearcadh faoin gcomhartha a chur in iúl.
Dúirt Ciarán Beattie, comhairleoir de chuid Shinn Féin gur aithin a pháirtí an imní atá ar dhaoine faoin scéal go háirithe an imní go gcuirfí an comhartha ar halla an Oird Oráistigh nó an-ghar dó.
“Táimid sásta go gcuirfí an moladh seo ar ais chun tuilleadh plé a dhéanamh faoin gcás. Níorbh é mian aon duine riamh go mbrúfaí an Ghaeilge ar aon duine, dá bhuíochas. Táimid breá sásta dul ar ais agus féachaint ar an áit a gcuirfear an comhartha nó cibé an bhféadfaí a mhalairt de chomhartha a chur ina áit.”
Dúirt an Comhairleoir Fiona Ferguson, Pobal seachas Brabús, nár thuig sí féin i gceart cén scáth a bhí ar an Ord Oráisteach roimh chomhartha Gaeilge a bheith in aice lena halla.
“Ní dóigh liomsa gur gá d’aon duine mórán faitís a bheith air roimh chomhartha. Ar rud neamhbheo a táimid ag caint, agus rud ar vótáil áitritheoirí an cheantair ar a shon.”
Dúirt an Comhairleoir Fred Cobain ón DUP nach ndeachas i gcomhairle le lucht an halla Oráistigh “go bunúsach toisc nach bhfuil bosca litreach acu”.
“Mura rabhthas i gcomhairle leosan bhí an próiseas lochtach. Tá sé de cheart ag gach duine ar an tsráid sin go rachfaí i gcomhairle leo,” a dúirt an Comhairleoir Cobain.
Ghlac 55 comhairleoir leis an moladh go gcuirfí cás an chomhartha ar ais chuig an gcoiste ionas go ngabhfaí i dteagmháil le lucht halla an nOráisteach. Staon triúr ball de chuid Phobal Seachas Brabús ón vóta.