Leideanna Féinchúraim do Mhic Léinn
Ní gá a rá go mbíonn saol na mac léinn strusmhar uaireanta. Tá brú an staidéir i gcroílár an tsaoil sin. Mar sin, caithfear sos a thógáil ó na leabhair agus ón scáileán. Leis an bpaindéim agus muid ag obair sa bhaile, is cosúil go mbítear ina suí os comhair an scáileáin an t-am ar fad.
Má tá tú ag dul isteach sa chéad bhliain i gcoláiste, is féidir a shamhlú go mothaíonn tú beagáinín neirbhíseach. Ach, ná bí buartha, is ionann an cás dúinn ar fad.
Má tá tú sa dara, tríú nó ceathrú bhliain, tá sé tábhachtach cothromaíocht a aimsiú idir an staidéar, ag dul amach agus féinchúram.
Bain triail as na leideanna thíos!
Codladh
Rud an-simplí ach bíonn oíche mhaith chodlata ag teastáil ó mhac léinn! Tá 7-9 uaire de dhíth orainn go léir chun feidhmiú i gceart.
Machnamh
Tóg cúpla nóiméad gach oíche chun scríobh síos do chuid smaointe. Tá sé sin an-chabhrach mar uaireanta bíonn sé níos fusa mothúcháin a scríobh síos seachas iad a labhairt amach gach lá. Is rud an-sláintiúil é an t-ualach a laghdú.
Pleanáil
Socraigh spriocanna indéanta duit féin agus déan do dhícheall. Is é an rud is sásúla ná do spriocanna a bhaint amach agus iad a bhaint ón liosta.
Aclaíocht
Aclaíocht rialta! Níl gá a bheith aclaí in aon chor le dul ar shiúlóidí áille agus cupán caife a fháil. Tá gach duine difriúil, b’fhéidir go mbainfeá taitneamh as a bheith ag rith, rothaíocht, snámh nó ióga – is cuma cad a dhéanann tú. Téigh amach chun an t-aer úr a fháil. Bheifeá níos táirgiúla ina dhiaidh sin.
Féin-atrua
Déan iarracht gan béim ollmhór a chur ort féin maidir le torthaí. Níl aon rud eile le déanamh agat ach do dhícheall. Má dhéanann tú do dhícheall, gheobhaidh tú na torthaí.
Aoibhneas
An leid dheireanach agus an leid is tábhachtaí ná, bain sult as do thréimhse i gcoláiste! Éireoidh tú níos neamhspleáiche agus níos muiníne gach bliain agus tú ag bualadh le daoine eile leis na suimeanna céanna is atá agatsa!
Mar sin, tapaigh gach deis, bí cineálta le gach duine, agus téigh amach le do chairde chomh minic agus is féidir leat. Is fíor gurb é an gáire an leigheas is fearr agus cabhróidh sé leat ar na laethanta deacra tríd an gcoláiste.