Níor lorg Comhairle Contae Dhún na nGall ráiteas tionchar teanga ach i gcás ceann amháin den 23,000 iarratas a rinneadh ar fhorbairtí tithíochta sa chontae le breis is deich mbliana anuas.
Thug ionadaithe ón gComhairle Contae an t-eolas ag cruinniú i dTeach Laighean faoi chúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht.
Dúirt na hoifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall nach leagtar aon choinníollacha teanga ar fhorbairtí tithíochta i gceantair Ghaeltachta an chontae ach sa chás go mbíonn deich dteach nó níos mó le tógáil. Dúradh nach raibh ach aon iarratas amháin ann ó 2008 ina raibh ráiteas tionchar teanga ag teastáil.
“Ní chuireann muid i nDún na nGall coinníollacha ar bith maidir leis an Ghaeilge ar [fhorbairt] thithe aonair, ní bhíonn coinníoll ar bith mar pháirt den chead pleanála,” a dúirt Liam Ward, stiúrthóir forbartha pobail agus seirbhísí pleanála i gComhairle Contae Dhún na nGall ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais.
“Maidir le heastáit tithíochta ina mbíonn níos mó ná deich dtigh ann, cuireann muid coinníoll ar an iarrthóir go gcaithfidh siad [a chinntiú] gur daoine le Gaeilge iad cuid de na daoine a bheidh lonnaithe sna tithe sin.”
Dúirt Ward go bhfuil plean forbartha contae nua le hullmhú do Dhún na nGall an bhliain seo chugainn agus go bhféadfaí coinníollacha teanga do thithe aonair sa Ghaeltacht a chur san áireamh ann ach go gcaithfí a bheith “cúramach” faoina leithéid a chur i bhfeidhm.
“Tá muid ag tosú ar athbhreithniú ar an phlean forbartha contae an bhliain seo chugainn agus b’fhéidir go gcaithfidh muid [coinníollacha teanga] a chur san áireamh ach tá deacrachtaí leo…agus caithfidh muid a bheith cúramach faoi sin,” a dúirt sé.
Dúirt Ward nach ndéantar aon mhonatóireacht neamhspleách ar na coinníollacha teanga a chuireann an Chomhairle Contae i bhfeidhm, laige a bhí le réiteach, dar leis.
“Ó thaobh na monatóireachta de, sílim gur sin rud nach bhfuil láidir go leor againn ag an bpointe seo, caithfidh mé é sin a rá. Tá níos mó oibre le déanamh againn ann.”
Dúirt Kevin Kelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, nach raibh coinníollacha teanga ar bith ag baint le forbairtí tithíochta sna ceantair Ghaeltachta sa chontae.
“I Maigh Eo, tá fadhb ann maidir le heaspa forbartha thar aon rud eile. Níl measúnuithe ná coinníollacha againn maidir leis an nGaeilge faoi láthair. Is fíorbheagán forbairtí atá déanta i gceantair Ghaeltachta,” a dúirt Kelly leis an gCoiste.
Thug sé le fios go raibh naoi n-eastát tithíochta tógtha i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo ó 2009 agus “líon teoranta” tithe aonair.
Dúirt Kelly gur “ábhar machnaimh” don Chomhairle a bhí sa phlé ag an gcruinniú.
As na trí chomhairle contae a bhí i láthair, is ag Comhairle Contae na Gaillimhe amháin a mbíonn riachtanas teanga i gceist d’fhorbairtí tithe aonair i gceantair Ghaeltachta.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, go raibh cuid den eolas a tugadh ag an gcruinniú “scanrúil”.
“Bhí sé seo an-spéisiúil inniu, scanrúil ar shlí amháin, nach bhfuil coinníollacha teanga i gceist ó thaobh tithíochta de i roinnt de na Comhairlí Contae ar chuala muid uathu inniu,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin.
Tá ionadaithe ó chomhairlí contae Chorcaí, Chiarraí, na Mí agus Phort Láirge le teacht os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn chun an t-ábhar céanna a phlé.