Tá folúntas fógartha do phost an Phríomhfheidhmeannaigh sa Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus Muireann Ní Mhóráin ag éirí as.
Tá nach mór 20 bliain caite ag Muireann Ní Mhóráin le COGG agus í ina ceann feadhna ar an eagraíocht ó bunaíodh í in 2002.
Thug sí tréimhse trí bliana ag obair leis an gcigireacht sa Roinn Oideachais roimhe sin tar éis di 20 bliain a chaitheamh ag teagasc in iarbhunscoil.
Deireadh ré a bheidh ann do COGG nuair a éireoidh Muireann Ní Mhóráin as agus lorg mór fágtha ar earnáil an ghaeloideachais aici le beagnach 20 bliain anuas.
Cé go bhfuil easnaimh i gcónaí ar an soláthar téacsleabhar agus áiseanna Gaeilge do ranganna scoile aithnítear go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí ó leagadh an cúram ar COGG. Chomh maith le soláthar áiseanna teagaisc agus téacsleabhar tá breis is 100 píosa taighde déanta ag an eagraíocht ó 2002 i leith. Tá an eagraíocht lárnach chomh maith i gcur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht agus i soláthar áiseanna don pholasaí sin.
Soláthar téacsleabhar agus acmhainní do mhúineadh trí Ghaeilge agus comhairle a chur ar an Aire Oideachais faoi cur chun cinn an oideachais Ghaeilge an dá phríomhfhreagracht atá ar COGG agus a bheidh ar chomharba Mhuireann Ní Mhóráin.
Buiséad €2.753m atá ag COGG don bhliain 2021. Conradh cúig bliana a bheidh ag an bPríomhfheidmeannach nua agus idir €90,000 agus €112,000 atá luaite leis an bhfolúntas.
Mí Feabhra seo chugainn a bheidh Muireann Ní Mhóráin ag dul ar scor ó COGG.