Tá ‘Siopa an Phobail’ in Indreabhán, ceann de na siopaí is aitheanta sa Ghaeltacht, á cheannach ag Tesco.
Tá Siopa an Phobail ar cheann de dheich gcinn d’ollmhargaí Joyce’s atá á gceannach ag Tesco Ireland.
Tá ceannach na n-ollmhargaí ag brath ar bheannacht a fháil ón gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.
Ba leis an gcomharchumann áitiúil i gCois Fharraige tráth ‘Siopa an Phobail’ nuair a cheannaigh siad ó Phádraic Mac an Rí, an chéad úinéir, é.
Cheannaigh Pól Ó Foighil, an polaiteoir, fear gnó agus pobail, an siopa ina dhiaidh sin agus bhí roinnt úinéirí eile i gceist ó shin i leith.
Deir Tesco go gcuirfear “fáilte” go dtí a bhfoireann roimh an 500 duine atá ag obair i siopaí Joyce’s cheana féin agus go mbeidh a seirbhís siopadóireacht ón mbaile ar fáil ina siopaí nua san iarthar.
Deich gcinn d’ollmhargaí atá ag Pat Joyce, ceann in Áth Cinn, Cnoc na Cathrach, Baile Átha an Rí, Tuaim, An Baile Bán, Bóthar an Athar Uí Ghríofa, Dabhach Uisce, Órán Mór, Uachtar Ard agus Indreabhán.