Tá dearbhaithe ag an gCúirt Achomhairc gur theip ar an Stát feidhm mar is ceart a thabhairt sa dlí do threoir de chuid na hEorpa go gcaithfeadh Gaeilge agus Béarla a bheith ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Diúltaíodh sa chúirt d’achomharc an Stáit i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte mí an Mheithimh seo caite gur cheart go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar na lipéid d’ainmhithe.
Cuireann cinneadh na Cúirte Achomhairc i mBaile Átha Cliath inniu clabhsúr ar chás arbh é an chéad chás as Gaeilge a tháinig os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Ardrúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thug an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.
Dúradh i mbreithiúnas na Cúirte Achomhairc inniu go raibh Mac Fhlannchadha “i dteideal” an Ghaeilge a bheith ar fáil dó ar na lipéid “mar chainteoir Gaeilge agus mar thomhaltóir táirgí tréidliachta”.
Ar bhonn práinne a éisteadh an cás mar ón 28 Eanáir 2022 ar aghaidh, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.
Ar an mbonn sin, leasaíodh sa Chúirt Achomhairc an chuid sin de chinneadh na hArd-Chúirte go gcaithfí rialacháin a thabhairt isteach a d’éileodh go mbeadh na lipéid i nGaeilge agus i mBéarla.
Cé go bhfágann sin nach mbeidh aon éifeacht phraiticiúil ag an gcinneadh ar chás na lipéad, meastar go bhfuil prionsabal tábhachtach leagtha síos ag an gCúirt Achomhairc.
Is é sin go bhfuil an ceart ag an saoránach tabhairt ar Rialtas na hÉireann treoir de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i gceart sa stát seo má theipeann ar an Rialtas sin a dhéanamh agus má chuireann an teip sin isteach ar an saoránach.
D’ordaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh costais iomlán dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha le híoc ag an stát.
Mhaígh an Stát – an tAire Talmhaíochta agus an tArd-Aighne – nár bhain ceist na Gaeilge ar na lipéid le hábhar mar go raibh an treoir ag dul in éag agus mar nach raibh aon éifeacht ag an treoir.
Mhaígh lucht dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha go raibh an treoir chéanna ‘soiléir, beacht agus neamhchoinníollach’.
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg mí an Mhárta go gcaithfeadh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis an treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Is ina dhiaidh sin a thug an Stát an cás chomh fada leis an gCúirt Achomhairc.