Amhrán ar mhaithe le daoine gan dídean seolta ag Gael de chuid Bhéal Feirste
Amhrán ar mhaithe le daoine gan dídean seolta ag Gael de chuid Bhéal Feirste
Tá amhrán nua ‘Homeless’ seolta ag an amhránaí Breandán Ó Coinn le hairgead a bhailliú don ‘Welcome Organisation’ agus don tseachtain feasachta i leith daoine gan dídean . Déanann an eagraíocht seo obair iontach tábhachtach a chuidíonn le daoine gan dídean i mBéal Feirste agus tá aonad úr soghluaiste acu anois fosta.
Labhair Meon Eile le Breandán faoin spreagadh a fuair sé leis an amhrán a scríobh agus faoin nasc leis an Welcome Organisation chun tacaíocht a thabháirt dóibh agus do na daoine a bhíonn ina gcónaí ar shraideanna Bhéal Feirste.
Thig leat £5 a dheonú trí théacs HOMELESS a chur chuig an uimhir 70560.