6,843 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna, bunaithe ar thástálacha PCR.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 5,295 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
D’fhógair an Roinn Sláinte go bhfuil 52 duine a raibh an víreas orthu básaithe le seachtain anuas. 83 duine a bhásaigh an tseachtain roimhe sin.
6,087 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh sa stát ó thús na paindéime.
3,054 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 9,141 a bhí i gceist in Éirinn go dtí seo.
910 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, 69 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 90 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná mar a bhí i gceist inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 4,451 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
404 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 25 díobhsan atá in aonad dianchúraim