Tá ráite ag an Aire Tithíochta go bhfuil dearcadh “oscailte” aige féin maidir le moladh go mbeadh ionadaithe ón nGaeltacht nó ó Chonradh na Gaeilge ar an ngrúpa oibre atá bunaithe ag a roinn chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé.
Dúirt an tAire Darragh O’Brien go raibh sé tábhachtach éisteacht le glór mhuintir na Gaeltachta agus na cúrsaí seo á bplé.
Léiríodh imní roimhe seo nach ndéanfaí ionadaíocht cheart ar phobal na Gaeltachta ar choiste idir-rannach atá bunaithe ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun ceisteanna tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a fhiosrú.
Thug an tAire le fios gur bunaíodh meitheal oibre an samhradh seo caite ar a raibh ionadaithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Údarás na Gaeltachta agus na hocht n-údarás áitiúla ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.
Mhol Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais go mbeadh páirt ag ionadaithe ó phobal na Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge san obair a bhí ar bun agus nuair a tháinig an tAire Darragh O’Brien os comhair an chomhchoiste Dála an tseachtain seo, dúirt sé go raibh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar an moladh.
“Bhuail mé féin le Conradh na Gaeilge sé mhí ó shin agus tá mé féin agus m’oifigigh ag caint leis an gConradh agus le daoine eile ach táim oscailte don smaoineamh Conradh na Gaeilge nó údarás eile a thabhairt isteach sa phróiseas,” a dúirt an tAire O’Brien.
“Na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, sin iad i mo thuairim na daoine is tábhachtaí. Is gá dúinn éisteacht lena nglór. Tá mé ag smaoineamh ar an rud is fearr a bheidh mé ábalta a chur isteach sa phróiseas.”
Dúirt an tAire O’Brien go ndéanfadh sé a mhachnamh ar an moladh faoin ionadaíocht Ghaeltachta i ndiaidh an chruinnithe ach d’impigh an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee air cinneadh a dhéanamh laistigh de sheachtain.
Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil go bhfuil “easnamh mór” ar an gcoiste idir-rannach gan an ionadaíocht sin agus nach bhfuil sé ag teacht le “dea-chleachtas ná le gnáthnósanna” in earnálacha eile nach mbeadh áit do mhuintir na Gaeltachta sa phlé ar chúrsaí Gaeltachta.
Nuair a bhí Conradh na Gaeilge os comhair Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais an mhí seo caite, dúradh gur ghá go mbeadh ionadaithe eile ar an gcoiste pleanála, seachas oifigigh ó an ranna rialtais amháin.
“Má tá sé idir-rannach, ní bheidh glór na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta lárnach ann,” a dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge.
“Níl bheifí ach ag déanamh cinntí a chaithfí a chur faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta ansin agus moill a chur ar chúrsaí le plé agus tuilleadh plé. Má tá muid lárnach ann ón tús, tá deis dul chun cinn ann.”