Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘ceann-de-na-moltai-is-aifeisi-dar-chuala-me-riamh’-–-siollabais-ghaeilge-nua-na-hardteiste-faoi-chaibidil-sa-dail

‘Ceann de na moltaí is áiféisí dár chuala mé riamh’ – siollabais Ghaeilge nua na hArdteiste faoi chaibidil sa Dáil

| Tuairisc.ie | ,

Caithfidh an tAire Oideachais fógra a dhéanamh láithreach faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá molta don Ardteist chun stop a chur le “one of the most utterly ridiculous propositions…ever heard”.

B’in a bhí le rá ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív sa Dáil agus é ag tagairt do chás na siollabas nua – T1 agus T2 – atá molta don Ghaeilge san Ardteist.

Dúirt an tAire Oideachais go rabhthas ag fanacht faoi láthair ar thoradh an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a eagraíodh faoi na moltaí agus nach bhféadfaí teacht roimhe sin trí ráiteas a dhéanamh.

Ach dúirt Éamon Ó Cuív gur cur amú ama agus airgid a bhí ann a bheith fiú ag caint ar chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan aon chúiteamh breise a thabhairt do dhaltaí a roghnódh é.

Ba chóir go gcuirfeadh na tAire stop láithreach leis an gcaint sin, ar sé.

Dúirt Ó Cuív go raibh “an-bhuairt ar thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge mhaith ag a ngasúir mar gheall ar an scéal: go mbeidh dhá churaclam Gaeilge ann ach nach mbeidh buntáiste dá laghad ann dóibh siúd a dhéanann an ceann is dúshlánaí”.

“Caithfimid córas a bheith againn a chuirfidh stop leis an gcur amú ama atá i gceist leis na moltaí áiféiseacha atá á gcur chun cinn ag eagrais atá in ainm is cinntí stuama a dhéanamh,” arsa Ó Cuív.

“Sílim, mar sin, gur cás eisceachtúil é seo. Sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh anseo chun deireadh a chur leis an moladh go mbeadh dhá chúrsa ann, ceann níos deacra ná an ceann eile, ach na marcanna agus na creidiúintí céanna ag dul leis an dá cheann.

“Is deacair liom a chreidiúint an méid airgid atá caite againn ar an gcomhairliúchán go léir go dtí seo, ar cheann de na moltaí is áiféisí amach is amach atá cloiste riamh agam.  Ba cheart go mbeadh sé diúltaithe scun scan ón tús mar rud nárbh fhiú aon phlé a dhéanamh air.”

Dúirt Ó Cuív go bhféadfaí an scéal a choinneáil ón mugadh magadh dá ndéarfadh an tAire anois nach dtabharfaí an dá chúrsa isteach gan cúiteamh breise a bheith i gceist leis an gceann níos dúshlánaí, an cúrsa T1 a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile.

“Cé a dhéanfadh é [an cúrsa T1]? Cé a chuirfeadh an dua air féin é a dhéanamh i gcás mar sin? Cinnte ní bheadh mise i ndiaidh aon spreagadh a thabhairt do mo ghasúir féin a leithéid a dhéanamh nuair a bhí siadsan ag dul don Ardteist, cé gurb í an Ghaeilge teanga an bhaile againn.”

Thacaigh Teachta Dála eile ó pháirtí an Aire Oideachais, Pádraig O’Sullivan, le héileamh Uí Chuív.

“Ba cheart dúinn daltaí a mhealladh chun an t-ábhar a thógáil ag an leibhéal is airde gur féidir leo, seachas labhairt faoi T1 agus T2 a bheith ar comhchéim ó thaobh pointí de. Ba cheart dúinn deireadh a chur leis an raiméis mar gheall ar T1 agus T2 a bheith ar comhchéim. Má chaithfimid pointí bónais a thabhairt don chaighdeán níos airde, caithfimid déileáil leis sin láithreach,” a dúirt O’Sullivan, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sé tábhachtach tuairimí a fháil ó oiread daoine is ab fhéidir agus scagadh a dhéanamh ar na tuairimí sin. Bheadh tuarascáil eatramhach faoin bpróiseas comhairliúcháin ar fáil mí an Mheithimh, a dúirt sí.

 “Glacaim leis go bhfuil na bheirt Teachtaí diongbháilte faoi na tuairimí láidre atá curtha in iúl acu anseo. Mar sin féin tá sé tábhachtach, ar mhaithe le cothrom na Féinne agus leis an bpróiseas atá ar siúl, go dtabharfar deis do gach dream a gcuid tuairimí a chur in iúl. Is chuige sin go díreach atá an próiseas seo ar bun – deis tuairimí éagsúla a chloisteáil.

“Níl aon amhras orm nach mbeidh malairt tuairimí ag daoine a ghlacfaidh páirt sa phróiseas comhairliúcháin. Glacaim leis go gcaithfear torthaí an phróisis seo a fhoilsiú ar dtús. Déanfar sin.

“Tá sé tábhachtach, áfach, go ndéanfaí tuairimí meáite gach duine a ghlac páirt sa phróiseas a mheas agus feicfidh na Teachtaí go raibh rannpháirtíocht iontach ag daoine sa chomhairliúchán seo.”

Dúirt an tAire go raibh anailís mhion á déanamh ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar an aiseolas ar fad a fuarthas faoin moladh T1 agus T2. Dúirt sí go rabhthas ag súil go mbeidh tuarascáil eatramhach an chomhairliúcháin á cur faoi bhráid chomhairle an NCCA mí an Mheithimh.  Is gearr go mbeidh tuairisc ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach á cur faoi bhráid na comhairle céanna, a dúirt sí.

Níos mó