Tá ionsaí fíochmhar déanta ag aontachtaithe ar phlean Ollscoil na Banríona scéim chónaithe do Ghaeilgeoirí a bhunú sa bhfómhar.
‘Céim ar gcúl’ a thug Ron McDowell, iarrthóir Thuaisceart Bhéal Feirste an TUV do thoghchán an Tionóil, ar chinneadh Ollscoil na Ríona scéim chónaithe a bhunú do lucht labhartha na Gaeilge.
“Níl aon fhadhb ag aon duine le labhairt na Gaeilge ná aon teanga eile ach ní bheidh de thoradh ar chuid amháin den lóistín a mharcáil do Ghaeilgeoirí ach go mothóidh dream amháin sa bpobal doicheall rompu san áit sin agus cuirfidh sé leis an tuiscint gur ‘teach fuar’ é Coláiste na Ríona d’Aontachtaithe.”
Dúirt McDowell nach aon chuidiú é a rá gurb é sin an dea-chleachtas in áiteanna eile mar “go ndéanann sin neamhaird ar an bhfírinne go bhfuil ceangal ar leith ag an nGaeilge le pobal amháin i dTuaisceart Éireann”.
Chuir sé ina leith siúd a thacaigh leis an gcinneadh “gur geall le cur chuige na hostraise atá acu i leith na fírinne, go raibh an Ghaeilge á húsáid le fada mar arm”.
Mhaígh sé go raibh a chruthúnas sin le fáil go soiléir in alt sa nuachtán An Phoblacht a raibh mar cheannlíne air ‘Tá an Ghaeilge lárnach sa gcomhrac poblachtach’.
Maíonn baill Ord Oráisteach na hollscoile go bhféadfadh an cinneadh seo faoin lóistín leithlisiú a dhéanamh ar aontachtaithe sa gcoláiste.
D’eisigh Cumann Oráisteach na Mac Léinn agus lóiste na mac léinn agus na n-iarmhac léinn comhráiteas ag cáineadh moladh an choláiste scéim chónaithe do Ghaeilgeoirí a bhunú.
Dúradh sa ráiteas “nach mbeadh an scéim seo ach ag daingniú prionsabal an leithlisithe agus de facto ag cruthú ‘ceantair le seachaint’ do mhic léinn Phrotastúnacha agus aontachtacha “in áit atá agus ar chóir a bheith ina spás comhroinnte”.
“An chuid is mó den dul chun cinn atá déanta sa gcúige seo le fiche bliain, tharla sé toisc gur glacadh leis go gcaithfimid a bheith ábalta maireachtáil i dteannta a chéile faoi shíocháin agus tagann an moladh seo, ar ‘cinedheighilt chultúrtha’ atá ann dáiríre, salach ar an obair sin.”
Dúirt na cumainn nach raibh fadhb ar bith acu leis an nGaeilge ná leo siúd a bhí ag iarraidh í a labhairt mar chuid “dá n-oidhreacht chultúrtha”.
“An rud a chuireann isteach orainne ná an chaoi a ndéantar arm den Ghaeilge go síoraí seasta agus polasaithe mar seo a chothaíonn cultúr na deighilte agus na scoilte agus iad ag iarraidh strainséirí a dhéanamh de Phrotastúnaigh ina mbaile féin.”
Dúirt Joshua Patterson, An Worshipful Master of Queen’s LOL 1845, go spreagann an polasaí seo “an deighilt, agus go ndéanann sé leithlisiú breise ar dhaoine san ollscoil agus sa saol mór a bhfuil an t-aontachtas sa dúchas acu”.
Dúirt An Cumann Gaelach san ollscoil gur “dearcadh gruama” a bhí léirithe ag na cumainn Aontachtacha i leith na scéime cónaithe. Dúradh go gcuirfí fáilte roimh chách sa scéim nua agus go rabhthas ag iarraidh an Ghaeilge “a normálú”.
Bhí feachtas ar bun le tamall ag an gCumann Gaelach agus dreamanna eile le scéim chónaithe Ghaeilge a chur ar bun san ollscoil.
Thug Ollscoil na Banríona le fios go rabhthas chun tús a chur le scéim chónaithe do mhic léinn a bhí i mbun staidéir ar theangacha agus go gcuirfí áiteanna ar fáil ar dtús dóibh siúd atá ag staidéar na Gaeilge.
Tá sé i gceist tús a chur leis an scéim mí Mheán Fómhair seo chugainn.