Tá fógra eisithe ag Met Éireann go mbeidh na bóithre contúirteach anocht agus amárach de bharr sioc agus sneachta a bheith forleathan ar fud na tíre.
Beidh rabhadh buí seaca agus sneachta i bhfeidhm óna 10.00pm anocht go dtí meán lae amárach. Tá múraíl sneachta, flichshneachta agus clocha sneachta á dtuar ar fud na tíre.
Mar bharr ar an sioc agus an sneachta atá á thuar tá toirneach agus tintreach geallta chomh maith.
Iarthuaisceart na tíre is túisce a aireoidh na ceathanna geimhriúla tráthnóna inniu agus gaoth ropánta aniar aneas ina dteannta.
Iarrtar ar thiománaithe a bheith fíorchúramach ar bhóithre anocht agus maidin amárach, go háirithe bóithre nach mbeidh aon ghrean scartha orthu.
D’fhéadfadh an toirneach is an tintreach cúrsaí aibhléise a chur as alt arís agus gan daoine go leor ach tagtha ó stoirmeacha gaoithe na seachtaine seo caite.