Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2022, beidh imeacht dar teidealQuiz Mór Millteach do SnaG22ar siúl Dé Máirt 8 Márta ar 7.30pm in Brady’s Clockhouse i mbaile Mhaigh Nuad. Tá sé á chur in eagar ag Gaeilge Nuada i gcomhpháirt le hOllscoil Mhá Nuad. Gearrfar €10 ar bhord de cheathrar agus rachaidh an t-airgead go léir a bhaileoimid ar an oíche do mhuintir na hÚcráine in am an gháthair. Geallaimid duaiseanna iontacha don trí fhoireann is rathúla sa quiz agus spraoi thar na bearta do chách a thiocfaidh ar an oíche. Tapaigí an deis seo teacht le chéile ar son na Gaeilge. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur romhaibh ar an oíche.