![ealain,-ceol,-rince-agus-amhran-ag-dha-thrathnona-cuileachtain-chuan-dingle](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F06%2F53825-ealain-ceol-rince-agus-amhran-ag-dha-thrathnona-cuileachtain-chuan-dingle.jpeg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=27590c6c)
Ealaín, ceol, rince agus amhrán ag dhá thráthnóna cuileachtain Chuan Dingle
Cuan Dingle. Cad é féin in aon chor? Bhuel, is ana-thogra ealaíona é seo, a tháinig as eagna chinn ealaíonta Pheter Staunton, le cabhair óna chéile Niamh Varian Barry. Nílim ag tabhairt ‘ceoltóir’ a thuilleadh ar Pheter (cé gur ceoltóir ana-ana-chumasach agus lán de chraic é), ach saineolaí teicneolaíochta, ceardaí agus ceamaradóir, mar sé féin a ritheann an seó seo, Cuan Dingle.
Is ócáidí siamsaíochta iad an méid a bheidh ar bun i gCorca Dhuibhne, agus ar-líne chomh maith, ag Cuan Dingle an deireadh seachtaine seo. I stiúideo nua Pheter agus Niamh TV Live Studios i Lios Póil a bheidh dhá thráthnóna cuileachtain, mar a mbeidh rince seite Chiarraí Thiar le feiscint, ceol agus amhráin ó mhuintir Bheaglaoi, filíocht ó Mhaggie Breen (a bheidh domhain, tuisceanach, agus a chuirfidh ag cuimhneamh tú), rince ó Sheaimpín an Domhain sa Rince Gaelach faoi chúig, David Geaney ón nDaingean agus ealaín de chuid Gerry Barry ó Chaisleán Ghriaire, a dheineann ealaíon a fhorbairt ar an dtalamh agus ar an dtráigh ag úsáid acmhainní nádúrtha. Beidh a thuilleadh aíonna speisialta ar stáitse chomh maith.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/06/Teresa-Horgan.jpeg)
Beidh na seóanna seo le feiscint beo ar an suíomh idirlín tvlive.ie chomh maith, óna 4 a chlog tráthnóna Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh beag seo agus níl orthu ach €10 don dá lá. Cad é tv live? A thuilleadh cruthaitheachta go deimhin, ó Pheter. Ardán is ea é do cheoltóirí lena ndeineann Peter taifead ar choirmeacha ceoil dóibh ag baint úsáide as teicneolaíocht agus ceamaradóireacht ana-dhiscréideach, ana-phroifisiúnta agus ar ardchaighdeán. Craobhscaoiltear na coirmeacha sin ansan beo ón suíomh idirlín tvlive.ie nó is féidir iad a thaifeadadh le craoladh ina dhiaidh sin.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/06/seamusbegleyUSE.jpeg)
Tá pleananna sa treis ag Cuan Dingle na taispeántais seo a chur i láthair i mbailte cois cósta ar fud na hÉireann in imeacht na mblianta amach romhainn agus éachtaint a thabhairt ar an gceol agus ar an amhránaíocht agus eile, atá ar fáil sna ceantair sin. Ní bheadh a leithéid indéanta gan tacaíocht maoinithe ó Chomhairle Contae Chiarraí agus an Scéim chun tacú le taibhithe beo. Mar sin, ceannaíg bhur dticéid anois ag tvlive.ie agus cífidh mé ann sibh. Up Kerry!