![cliodhna-cussen-ar-shli-na-firinne](/wp-content/themes/yootheme/cache/1d/55968-cliodhna-cussen-ar-shli-na-firinne-1d3b0803.jpeg)
Clíodhna Cussen ar shlí na fírinne
Tá an t-ealaíontóir, dealbhóir, agus scríbhneoir Clíodhna Cussen ar shlí na fírinne. Ba í a rinne an dealbh de Phádraig Naofa ag Mám Éan i nGaeltacht na Gaillimhe chomh maith leis an ‘gCloch Fhada’ i lár Bhaile Átha Cliath. Rugadh Clíodhna ar an gCaisleán Nua i gcontae Luimnigh sa bhliain 1932 ach bhí cónaí uirthi le fada i mBaile Átha Cliath. Fuair sí a cuid ollscolaíochta i mBaile Átha Cliath agus in Firenze na hIodáile agus bhain sí a cáil amach mar dhealbhóir cré-umha agus cloiche.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/08/51347845306_1aca53f1fd_b.jpeg)
Bhí sí pósta leis an bhfoilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh agus bhí seisear clainne orthu – baill an bhanna ceoil Kíla Rónán agus Rossa Ó Snodaigh agus an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ina measc. Bhuaigh Clíodhna duaiseanna go leor dá saothar dealbhóireachta i gcaitheamh a saoil, duais ó Oireachtas na Gaeilge ina measc.
![](https://nos.ie/wp-content/uploads/2022/08/Mam-Ean-Mamean-Pass-Visit-Galway.webp)
Is iomaí leabhar a scríobh sí freisin, idir leabhair do pháistí, leabhair staire, agus cnuasaigh filíochta. Ba é comhlacht a fir céile Coiscéim a d’fhoilsigh go leor dá cuid leabhar, go mór mór le 30 bliain anuas. Bhuaigh a leabhar Soraidh Slán duais Oireachtais in 1993.