Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘gaeltacht’-electric-picnic-lan-go-beal

‘Gaeltacht’ Electric Picnic lán go béal

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Beidh ‘Gaeltacht’ Electic Picnic lán go béal an deireadh seachtaine seo agus gach spás a bhí ar fáil curtha in áirithe ag na Gaeil a bheidh ag freastal ar an bhféile cheoil ar an Sráidbhaile i gContae Laoise. Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeadh an láthair ar fáil arís i mbliana dóibh siúd ar mhaith leo a bheith ag campáil i measc cainteoirí Gaeilge eile ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn.

Is iad Conradh na Gaeilge a eagraíonn an suíomh campála ‘Gaeltachta’ agus tá a leithéid ann ag Electric Picnic le ceithre nó cúig bliana anuas. B’éigean do dhaoine a raibh ticéad ceannaithe acu don fhéile cheana féin a spéis a léiriú in áit champála sa gharraí speisialta trí fhoirm ar líne. Fógraíodh inniu go bhfuil gach spás a bhí ar fáil san áit líonta anois agus súil ag lucht a heagraithe go mbeidh ‘Gaeltacht’ EP lán craic, spraoi, agus Gaeilge ag an deireadh seachtaine.

Bíonn suas le 200 spás ar fáil sa láthair ‘Ghaeltachta’ a bhíonn lonnaithe sa ngarraí ‘Oscar Wilde’ ar imeall na láithreach campála. Anuas ar an suíomh campála do chainteoirí Gaeilge beidh dhá ardán Gaeilge ann arís i mbliana – an Puball Gaeilge agus an Chollchoill. 

“Táimid ag súil leis an nGaeilge a chur ag croí na féile arís eile. Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastal na féile dul ar seachrán go dtí an Chollchoill, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga á gceiliúradh ag Croí na Féile le Conradh na Gaeilge. Ó rapálaithe go banríonacha drag, idir ghrúpaí traidisiúnta agus ghrupaí omóis na 80idí, beidh clár na bliana seo ag treorú lucht na féile tríd an gcoill, agus á gcur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha – a leithéidí Jiggy, Súil Amháin agus an Shandrum Céilí Band. 

“Beidh cóisir cheilte choille go maidin faoi chlúdach na gcrann agus solas na gealaí. Éist leis na scéalaithe agus na hamhránaithe a thiocfaidh le chéile cois tine ar imeall phríomhláthair na féile.  Beidh deis agaibhse bhur scéalta féin a roinnt freisin agus sibh ar bhur sáimhín só i gcúinne Raidió Rí-Rá, a bheidh ag craoladh beo ón láthair. Nó bíodh comhrá agat le lucht an ghníomhachtuithe soghluaiste, a bheidh ag guairdeall thart leis an moladh ‘úsáid do theanga’,” a dúradh i bpreasráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge faoi imeachtaí an deiridh seachtaine.

Leagfar béim arís i mbliana ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa suíomh campála, agus beidh áiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair – agus an domhan! – a choinneáil glan postáilte timpeall na háite.  Beidh áit chruinnithe i lár an cheantair do na Gaeil a bheidh ag campáil,  ina mbeidh “cannaí agus caint” ar siúl. Is í an Ghaeilge teanga an tsuímh agus iarrtar ar dhaoine a chuirfidh a n-áit in áirithe cloí le riail na Gaeilge agus iad ar an láthair.

“Is bunchloch riachtanach d’fhéilire shóisalta an tsamhraidh iad féiltí ceoil, Picnic Leictreach ach go háirithe. Ceann de na príomhchúiseanna a fhreastlaíonn muid ar fhéiltí ceoil ná deis a bheith againn ár bhféiniulacht a chur in iúl i mbealach a bhfuil saoirse ag baint leis, nach mbíonn againn sa ghnáthsaol – agus cad is teanga ann ach do chuid féiniúlachta. Chonaiceamar an tionchar dearfach a bhí ag láithreacht na teanga agus an chultúir ar lucht freastal na féile i 2018 agus 2019, agus táimid ag súil le fás agus forbairt an ardáin agus an láthair champála i mbliana,” a dúirt Síomha Ní Ruairc, bainisteoir óige na heagraíochta.

Níos mó