An ghéarchéim fuinnimh a bhí sa treis le linn ceisteanna na gceannairí sa Dáil tráthnóna nuair a d’fhill Teachtaí Dála ó shos an tsamhraidh.
Cuireadh tús le himeachtaí le nóiméad ciúnais in ómós Bhanríon Shasana Eilís II a fuair bás an tseachtain seo caite.
Dúirt Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle, gur “ceannaire domhanda inspioráideach” a bhí sa bhanríon.
Bhí gáirí ann in áit an chiúnais tamall ina dhiaidh sin nuair a thug an Ceann Comhairle ‘An Taoiseach’ ar Mary Lou McDonald agus cuireadh chun cainte á thabhairt aige do cheannaire Shinn Féin.
Dúirt Mary Lou McDonald gur gá don Rialtas gníomh a dhéanamh láithreach chun billí leictreachais a laghdú go dtí an leibhéal a bhí ann in 2021 sular thosaigh an ghéarchéim.
Ba cheart, a dúirt sí, srian a chur ar na billí ar fheadh an gheimhridh, a dúirt ceannaire Shinn Féin.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go dtabharfadh a leithéid de phlean “seic bán” do na comhlachtaí fuinnimh.
D’fhiafraigh sé de cheannaire Shinn Féin cén costas a bhainfeadh lena moladh go gcuirfí srian ar na billí.
Mar fhreagra air sin, dúirt McDonald go raibh teorainn ama curtha lena moladh. Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí teorainn ama a chur leis an ngéarchéim.
Dúirt an Taoiseach go raibh géarchéim domhanda fuinnimh “an-olc” romhainn agus go gcabhródh an Rialtas le daoine lena mbillí fuinnimh go dtí deireadh mhí an Mhárta.
Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivan Bacik gurb é an Buiséad a shocródh an mbeidh ar dhaoine áirithe rogha a dhéanamh idir bia agus teas.
Tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh ar an Rialtas náisiúnú sealadach a dhéanamh ar ghás na Coiribe.
Dúirt Micheál Martin go ndíreodh beartas cánach amhantair an Aontais Eorpaigh ar gháscheantar na Coiribe.
Léirigh roinnt Teachtaí Dála eile amhras faoi chur chuige an Rialtais i leith na géarchéime, ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, ina measc
“An t-aon rud a fhanfaidh te an geimhreadh seo ná lámha an Rialtais mar go bhfuil siad ag suí chomh fada orthu,” arsa Tóibín.