Níl Roinn na Gaeltachta sásta a rá an ndéanfar athbhreithniú ar earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge in ainneoin gur gheall an Rialtas go dtabharfaí faoina leithéid an fómhar seo.
Dúradh i ndiaidh Bhuiséad 2023 go dtabharfadh an Roinn faoi athbhreithniú le páirtithe leasmhara chun léargas a fháil ar chás na gcoláistí Gaeilge i mbliana agus chun plé a dhéanamh ar thacaíocht bhreise a chur ar fáil don earnáil.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers mí Mheán Fómhair go raibh an Roinn i dteagmháil le CONCOS, a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí, agus le mná agus fir tí na Gaeltachta agus go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh “ar gach rud”. Dúirt sé go bhfoilseofaí torthaí an athbhreithnithe sin nuair a bheadh sé críochnaithe.
Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil an Roinn tar éis cúlú ón ngealltanas sin, áfach. Nuair a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ceist Dála ar an Aire maidir le cén uair a chuirfí tús leis an obair athbhreithnithe, dúirt go raibh an cheist maidir le grúpa oibre a bhunú le tabhairt faoin obair “á breithniú” ag Roinn na Gaeltachta “faoi láthair”.
Níor luaigh an tAire Stáit aon amscála ná ná níor thug sé aon eolas eile faoina bhfuil i gceist ag an Roinn a dhéanamh, ach thagair sé don tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do na coláistí samhraidh i mbliana, an t-ardú 20% ar an deontas do mhná tí san áireamh.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé chun an scéal a phlé arís leis an Aire Stáit chun an tábhacht a bhaineann leis an obair athbhreithnithe a chur in iúl dó.
“Ní léir go bhfuil tine ar a gcosa sa Roinn [chun tabhairt faoin athbhreithniú],” a dúirt an t-iarAire Gaeltachta.
Dúirt Ó Cuív go bhfuil sé “fíorthábhachtach” breathnú ar earnáil na gcoláistí Gaeilge agus na deiseanna atá ann tuilleadh daoine a mhealladh chuig na coláistí, idir óg agus aosta, a fhiosrú.
“Níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh, na coláistí Gaeilge mar a thuigeann muid iad le scata daoine óga ag teacht, ní hin a bhí ann an chéad uair riamh. An fáth gur bunaíodh iad i 1904 ná Gaeilge a mhúineadh d’ábhar oidí, le go mbeadh daoine ann chun an Ghaeilge a theagasc.
“Ba cheart dúinn breathnú ar na féidearthachtaí ar fad. Cén chaoi, mar shampla, le cur leis an margadh an chuid eile den bhliain, ní hamháin sa samhradh? Céard faoi chúrsaí gearra, agus mar sin de?”
Ní féidir na deiseanna sin a scrúdú gan tabhairt faoi athbhreithniú ceart in éineacht leis na coláistí féin, a dúirt Ó Cuív,.
“Níor cheart go mbeadh srian ar bith ar an mbealach a mbreathnódh muid ar an tionscadal fóirdheonaithe seo agus is féidir a rá, má tá muid dáiríre faoi straitéis a bheith againn, ‘caithfidh muid tosú as an nua ar fad’,” a dúirt sé.
“Níl mé ag rá gan leanúint ar aghaidh leis na cúrsaí trí seachtaine ach tá dreamanna anois ag déanamh cúrsaí coicíse, tá cúrsaí i rith an gheimhridh, roimh an Ardteist agus mar sin de.
“D’osclóinn an rud ar fad agus bheinn i bhfad níos solúbtha leis an airgead stáit. Má tá ciall le bheith le haon straitéis, caithfidh muid a bheith fairsing agus flaithiúil.”
Creideann an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar nár cheart go mairfeadh an t-athbhreithniú níos faide ná trí mhí agus go gcuirfí na moltaí a eascraíonn as i bhfeidhm an samhradh seo chugainn.
“Ní gá go mbeadh rud críochnúil amach agus amach. Sin an fhadhb atá sa saol atá againn. Bíonn muid ag iarraidh go mbeadh chuile shórt chomh críochnúil ach ansin, bíonn muid ag fanacht trí nó ceithre bliana ar rudaí.
“Mar Aire, is éard a bheadh uait ná seacht smaoineamh maith ag dul ar aghaidh mar thriail an chéad bhliain eile. Ní gá go mbeadh freagra gach ceiste agat. Go leor de na rudaí, is ‘trial and error’ a bheadh ann.”
Dá meallfaí tuilleadh daoine chun freastal ar na coláistí, dúirt Ó Cuív go gcuirfeadh sé le líon na gcainteoirí Gaeilge agus go gcuirfeadh sé le geilleagar na Gaeltachta.
“Deirim seo i gcónaí, níl aon bhealach níos fearr chun déanamh cinnte go leanfaidh an teanga uirthi mar theanga láidir sa Ghaeltacht ná cur le heacnamaíocht na háite.”