Tá ráite ag an ESRI go bhféadfadh cáin charbóin a bheadh leagtha amach go maith astaíochtaí carbóin a laghdú agus an éagothroime ioncaim a mhaolú chomh maith.
In alt speisialta ar cháin charbóin a d’eisigh rannóg fuinnimh an ESRI inniu, deirtear go mbíonn tionchar ag an gcáin sin ar astaíochtaí carbóin agus ar éagothroime ioncaim araon.
Bhain na taighdeoirí úsáid as sonraí ón Suirbhé Bliantúil ar Bhuiséad Teaghlach (HBS) agus modhanna taighde úr chun ionsamhlú a dhéanamh ar an méid a bheadh daoine sásta a cheannach dá mbeadh cáin charbóin curtha i bhfeidhm.
D’oibrigh siad amach go laghdófaí na hastaíochtaí carbóin 3.9% sa chás go n-ardófaí an cháin sin €30 an tonna. 10.2% d’ísliú a bheadh ar na hastaíochtaí dá n-ardófaí an cháin charbóin €80 an tonna.
Mhínigh na taighdeoirí go gcaitheann na teaghlaigh is boichte céatadán níos mó dá n-ioncam ar fhuinneamh, agus dá bharr sin ar cháin charbóin, ná mar a dhéanann teaghlaigh atá níos fearr as.
Measann siad mar sin gur cáin chúlchéimnitheach í an cháin seo.
Ach maítear sa taighde chomh maith dá dtabharfaí an t-ioncam a shaothrófaí ón gcáin ar ais do na teaghlaigh go bhféadfaí an tionchar diúltach ar dháileadh ioncaim a chur ina cheart.
Dá roinnfí an sciar céanna den ioncam ón gcáin charbóin (ar a dtugtar ‘seic an charbóin’) ar gach teaghlach, laghdófaí an éagothroime ioncaim 0.5% ach ardú cánach €30 a chur ar thonna nó 1% ach í a ardú €80 an tonna.
Dá ndéanfaí an t-ioncam ón gcáin charbóin a roinnt ar bhealach a dhíreodh ar na teaghlaigh is boichte, d’fhéadfaí an éagothroime a laghdú níos mó fós, 1.2% agus 2.8%, a deirtear.
Tá an laghdú seo ar astaíochtaí carbóin bunaithe ar thaighde ar shuirbhé HBS 2015-2016.
Maítear go bhféadfaí na hastaíochtaí a laghdú tuilleadh ach polasaithe eile a chur i bhfeidhm, córas iompair poiblí níos fear nó táillí a chur ar bhrú tráchta.
Bheadh tionchar ag bearta dá leithéid ar an líon tomhaltóirí a d’athródh a n-iompar agus a thosódh ag úsáid fuinneamh a astaíonn níos lú carbóin, a deirtear.
Agus é ag caint faoi na torthaí, dúirt Miguel Tovar Reaños ón ESRI go léiríonn an taighde “nach gá go mbeadh polasaithe comhshaoil agus polasaithe dáilte ioncaim ag teacht salach ar a chéile ach iad a leagan amach i gceart”.
Bunaithe ar shonraí na hÉireann, léiríonn taighde an ESRI, a dúirt sé, gur “bealach éifeachtach í an cháin charbóin chun astaíochtaí carbóin a laghdú, rud a thagann leis an taighde i dtíortha eile ar fud na cruinne.”
Dúirt sé gur léir gurb é an córas cánach agus leasa shóisialaigh atá againn faoi láthair an bealach is éifeachtaí chun ioncam ón gcáin charbóin a athchúrsáil ar bhealach a bheadh dírithe ar dhream ar leith.
“Ba saoire é a riaradh mar sin ná ‘seic an charbóin’,” a dúirt sé.
Dúirt Miguel Tovar Reaños go mbeadh an ESRI ag tabhairt faoi thaighde amach anseo a dhíreodh ar conas a roinnfí an t-ioncam ón gcáin charbóin trí chóras leasa shóisialaigh agus cáin ioncaim na tíre seo.