Grúpa Fócais don Iar-bhunleibhéal ar an bPolasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge
Grúpa Fócais don Iar-bhunleibhéal ar an bPolasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge
Ar líne Léacht nó CaintTá an Roinn Oideachais ag iarraidh ar aon duine a bhfuil spéis acu san oideachas lán-Ghaeilge – tuismitheoirí, mic léinn, múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile – páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán oscailte ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge (lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta).
Is é an chéad chéim sa chomhairliúchán seo suirbhé ar líne agus glao ar aighneachtaí scríofa. Roimh an spriocdháta dóibh seo (16 Eanáir), ba mhaith le Gaeloideachas cloisteáil ó phobal an iar-bhunleibhéil faoi na rudaí is tábhachtaí daoibh sa pholasaí nua seo. Is deis iontach í seo tógáil ar an obair iontach atá déanta ag scoileanna thar na blianta agus a chinntiú go dtabharfar tacaíocht chuí dóibh chun leanúint leis an obair sin, agus chun ár bpobal a fhás.
Reáchtálfaidh Gaeloideachas an grúpa fócais ar líne ar an 5 Nollaig ó 15.00-16.00. Chun clárú, líon isteach an fhoirm anseo le do thoil agus seolfar an nasc chugat le bheith linn.