Tá Edel Ní Chorráin, as Fear Manach, ceaptha ina Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta i bhForas na Gaeilge.
Tá Ní Chorráin ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge agus ina Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais leis an eagraíocht ó 2017.
Dúirt an Foras go mbeadh comórtas earcaíochta ann san earrach lena comharba a cheapadh.
Tá sí á ceapadh ina Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta tráth a bhfuil an Foras ag tabhairt faoi dhá mhórfhoclóir nua a fhorbairt, foclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go mbeadh “taithí fhorleathan Edel Ní Chorráin i réimse an oideachais an-tábhachtach agus í ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta, foclóireachta agus téarmaíochta, ó tharla gur forais oideachais, a ndaltaí agus scoláirí is mó a bhaineann leas as saothar Fhoras na Gaeilge sna réimsí sin”.
Is as an nGarastún i gcontae Fhear Manach d’Edel Ní Chorráin agus céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í a rinne BA sa Ghaeilge agus Matamaitic.
D’fhreastail sí ina dhiaidh sin ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, mar a rinne sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin Oideachais.
Chaith sí tréimhsí ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gcontae Dhún na nGall agus bhí sí tamall ina hEagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge.
Bhí sí ina Príomhoide chomh maith i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012, áit a mbíodh sí ag plé le soláthar acmhainní don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh.