Reáchtálfar cúrsa speisialta chun mná a mhealladh i dtreo na craoltóireachta Gaeilge an mhí seo chugainn.
Beidh Raidió Fáilte i mBéal Feirste, i bpáirt leis an gcraoltóir agus láithreoir Caoimhe Ní Chathail, i mbun an chúrsa saor in aisce seo do mhná ar spéis leo taithí a fháil sna meáin chumarsáide.
Reáchtálfar ‘Cúrsa le Caoimhe’ le linn mhí Feabhra agus tabharfar an deis dóibh siúd a ghlacann páirt ann clár raidió a chur ar an aer ag tús mhí an Mhárta do Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Is í seo an tríú bliain a bhfuil an cúrsa á chur ar fáil ag Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.
“Tá mé ag súil go mór a bheith i mbun an chúrsa traenála raidió seo arís i mbliana do mhná ar suim leo a gclár féin a bheith acu ar Raidió Fáilte ar Lá Idirnáisiúnta na mBan,” arsa Ní Chathail.
“Ba spreagadh mór dom féin mar chraoltóir a bhí sa chúrsa seo le blianta beaga anuas. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh mná le cloisteáil ar an raidió agus tá mise bródúil mo chuid a dhéanamh ar mhaithe leis an chúis sin.”
Beidh na ceardlanna don chúrsa ar siúl ar líne gach oíche Luain idir 6 Feabhra agus 27 Feabhra idir 7-9in.
Tá taithí ag Caoimhe Ní Chathail mar chraoltóir le Raidió Fáilte agus BBC Raidió Uladh agus mar léiritheoir agus láithreoir teilifíse leis an BBC agus TG4.
Beidh Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ina haoichainteoir le linn an chúrsa chomh maith.
Beidh sé mar sprioc ag gach bean a ghlacann páirt sa chúrsa clár raidió an duine a chur ar an aer le haghaidh Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta 2023.
Is féidir tuilleadh eolais nó áit ar an gcúrsa a chur in áirithe trí ríomhphost a chur chuig traenail@raidiofailte.com nó glaoch a chur ar 028 90 310013.