Seoladh Leabhair: Béal na Péiste leis an tOllamh Fionntán de Brún
Seoladh Leabhair: Béal na Péiste leis an tOllamh Fionntán de Brún
@ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Seachtain na Gaeilge le Energia SeoladhSeoladh Leabhair: Béal na Péiste leis an tOllamh Fionntán de Brún
Bí linn do sheoladh ‘Béal na Péiste’, úrscéal nua le Fionntán de Brún. Tá an gradam iomráiteach, Gradam Úrscéalaíochta an Oireachtais buaite ag an tOllamh Fionntán de Brún as a úrscéal Béal na Péiste. Tá seo ar an ghradam is airde do shaothar Gaeilge.
Maidir leis an tOllamh Fionntán de Brún
Ceapadh Fionntan de Brún ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad i Meán Fómhair 2017. Roimhe sin bhí sé ina Léachtóir Sinsearach in Ollscoil Uladh (2006- 17) agus i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste (1998-2006). Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona (1992) agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air in 2002. D’fhoilsigh an Clóchomhar a thráchtas dochtúireachta sa bhliain chéanna faoin teideal Seosamh Mac
Grianna - an Mhéin Rúin. Rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é agus is iardhalta de chuid Choláiste Maolmhaodhóg é.