Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tg4-le-clar-faoi-thragoid-an-chraoslaigh-a-chraoladh-in-ainneoin-achaini-ghaolta-na-marbh

TG4 le clár faoi thragóid an Chraoslaigh a chraoladh in ainneoin achainí ghaolta na marbh

| tuairisc | , ,

Tá cinneadh déanta ag TG4 clár conspóideach faoi thragóid an Chraoslaigh a chur amach anocht in ainneoin go ndearna gaolta daoine a maraíodh sa phléasc achainí ar an stáisiún gan an clár a chraoladh.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil tráthnóna gur cheart do TG4 labhairt le muintir na marbh sula ndéanfaí cinneadh ar cheart an clár faisnéise nua a chraoladh anocht.

Chuir TG4 ráiteas amach tráthnóna inar dúradh go raibh a machnamh déanta acu ar an scéal agus go gcraolfaí Iniúchadh TG4- An Craoslach anocht, mar a bhí beartaithe.

“Tar éis dúinn machnamh domhain a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha íogaire a ardaíodh linn, tá an cinneadh glactha againn go gcraolfar an clár faisnéise Iniúchadh TG4 – An Craoslach ar TG4 anocht,” a dúradh i ráiteas TG4.

“Baineann an clár faisnéise seo leis na gnáthdhaoine a tháinig i gcabhair ag láthair na tubaiste sular tháinig na seirbhísí éigeandála.

“Is éard atá ann ná agallaimh le cuid de na daoine sin a chuir a mbeatha féin i gcontúirt chun daoine eile a thabhairt slán. Ní dhéantar rud ar bith a thuairisciú faoi na daoine a gortaíodh nó a maraíodh sa timpiste seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí cheana féin díreach i ndiaidh na tubaiste.”

Tá conspóid mhór tarraingthe ag an scéal go bhfuil an chéad chlár sa tsraith nua Iniúchadh TG4 chun díriú ar an bpléasc a tharla sa bhaile i nDún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite, pléasc inar maraíodh deichniúr.

D’achainigh muintir ceathrar díobh siúd a bhásaigh TG4 gan an clár a thaispeáint anocht.

Agus é ag labhairt sa Dáil tráthnóna, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur cheart do TG4 dul i gcomhairle le teaghlaigh na marbh maidir le haon chinneadh an clár a chraoladh.

“D’iarrfainn b’fhéidir ar TG4 suí síos leis na teaghlaigh atá i gceist, dul i gcomhairle leo, agus cinneadh a dhéanamh maidir le craoladh an chláir faisnéise ina dhiaidh sin,” a dúirt Varadkar.

“Tá drogall orm mar cheannaire an Rialtais a rá le haon chraoltóir céard ar cheart nó nár cheart a chraoladh, nílim ag iarraidh dul isteach ansin. Ach cloisim céard atá ráite ag na teaghlaigh, is dóigh liom go bhfuil trua againn go léir dóibh, agus d’iarrfainn ar TG4 go suífeadh siad síos leis na teaghlaigh ar a laghad agus an scéal a phlé leo, a dtuairim a chloisteáil agus iarracht a dhéanamh iad a thuiscint.”

Tá an scéal i mbéal an phobail le cúpla lá anuas tar éis do theaghlach beirt a cailleadh sa tragóid ar an gCraoslach, Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan, iarraidh ar TG4 gan an clár a chraoladh anocht.

D’iarr tuilleadh de mhuintir na marbh ar an stáisiún inniu craoladh an chláir a chur ar athlá.

Agus é ag labhairt ar Liveline ar RTÉ Radio One, dúirt Hugh Harper, athair Leona Harper, duine den deichniúr a maraíodh sa phléasc, go raibh sé róluath an clár a thaispeáint agus pobal an Chraoslaigh fós ag fulaingt. Dúirt Hugh Harper nach raibh aon teagmháil déanta ag TG4 ná lucht léirithe an chláir le teaghlaigh na marbh.

Dúirt Harper nach bhfuair sé amach go dtí cúpla lá ó shin go raibh an clár le craoladh. I ráiteas a chuir clann Martina Martin, duine eile de na mairbh, ar fáil, dúradh nach bhfuair siad amach go raibh an clár le craoladh go dtí aréir, nuair a chuir oifigeach idirchaidrimh de chuid an Gharda Síochána teachtaireacht chucu.

Dúirt Hugh Harper gurb í an easpa cumarsáide an fhadhb is mó a bhí aige le TG4.

“Ní hé nach bhfuilimid ag iarraidh go gcraolfaí é seo, ná go bhfuilimid ag iarraidh go bhfágfaí ar an tseilf é ag bailiú deannaigh. Dá ndéanfaí teagmháil linn le linn an léirithe agus dá mbeadh sé ráite ag duine éigin linn, ‘seo a bheidh ann, seo píosa scannáin as, caith súil air’, b’fhéidir nach mbeimis ag suí anseo anois agus an comhrá seo ar siúl againn.

“Braithimid mar a bheadh paisinéirí ar bhus ionainn, sa suíochán cúil. Seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann agus is é a dhéanfaidh daoine ná a rogha rud gan do chead a lorg. Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh a bheith ag tabhairt cead, níl uainn ach go dtabharfaí aitheantas dúinn agus go gcuirfí san áireamh sinn.”

Dúirt Harper nach raibh aon fhadhb aige leis na daoine atá faoi agallamh sa chlár agus go raibh aithne aige orthu ach go raibh imní mhór air maidir le céard a bheadh le feiceáil ann.

Agus í ag labhairt ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt aintín le hÁine Flanagan, a chaill a páirtí Robert agus a n-iníon Shauna sa phléasc, go raibh sé róluath an clár a thaispeáint.

Dúirt Clár Ní Fhiaidh go raibh an teaghlach fós ag iarraidh teacht chucu féin agus go raibh sé i bhfad róluath a leithéid de chlár a chraoladh, go háirithe agus fiosrúchán faoin tragóid fós ar bun.

Dúirt Ní Fhiaidh go raibh a neacht “iontach feargach” ó fuair sí amach go raibh an clár le craoladh agus go raibh an méid a bhí fógartha faoi ábhar an chláir tar éis cur isteach go mór uirthi.

Dúirt Ní Fhiaidh gur cheart craoladh an chláir a chur siar bliain chun deis a thabhairt do na teaghlaigh agus don phobal teacht chucu féin tuilleadh.

Mhaígh Killian Flanagan, deartháir le hÁine, inné go raibh roinnt de na daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh nach gcraolfaí ach oiread é.

I ráiteas a d’eisigh TG4 aréir, dúradh gurb é a bhí sa chlár ná iarracht léargas a thabhairt ar an tslí ar tháinig muintir an bhaile bhig i nDún na nGall le chéile díreach i ndiaidh na pléisce ag garáiste Mhic Laifeartaigh chun a gcomharsana a tharrtháil.

“Tá agallaimh ann le daoine a chuir a mbeatha féin i mbaol agus iad ag iarraidh daoine eile a thabhairt slán,” a dúradh i ráiteas an stáisiúin.

“Labhraíonn siad go truachroíoch agus go tuisceanach faoin mbaint a bhí acu le cabhrú le daoine eile in am an ghátair mhóir. Theastaigh ó na daoine a ghlac páirt sa chlár a mbuíochas a chur in iúl faoin tslí gur tháinig gnáthphobal le chéile ag am an-chrua chun cabhrú lena gcairde agus a gcomharsana.

“Cuid de na daoine a ghlac páirt ann [sa chlár] bhí a fhios ag cuid de na daoine ar bhásaigh daoine muinteartha leo go raibh siad le páirt a ghlacadh ann. Léirítear sa chlár fíor-ómós do na daoine a bhásaigh. Ní thuairiscítear aon rud faoi na daoine a maraíodh seachas an méid a tuairiscíodh go poiblí díreach i ndiaidh na tragóide.”

Dúirt TG4 gur comhlacht iad Clean State TV, lucht déanta an chláir, a bhfuil an-cháil orthu as an gcur chuige íogair a thaispeáin siad i gcláir fhaisnéise eile a rinne siad.

Níos mó