Tá stop á chur ag an Aire Oideachais lena plean Páipéar a hAon scrúdú Gaeilge na hArdteiste a thabhairt chun cinn go dtí an cúigiú bliain.
Bhain conspóid mhór le fógra an phlean go mbeadh Páipéir a hAon na Gaeilge agus an Bhéarla le déanamh ag deireadh an chúigiú bliain, ag tosú i mí an Mheithimh 2024.
Tá an plean á chur siar ar feadh bliana agus tuilleadh machnaimh le déanamh faoi.
Tuairiscítear go gcuirfidh na tAire Oideachais Norma Foley an méid sin in iúl dá comhghleacaithe ag cruinniú rialtais inniu.
Rinne múinteoirí agus grúpaí oideachais agus teanga cáineadh láidir ar an bplean agus iad den tuairim nach raibh aon bhunús oideachais leis agus gurb amhlaidh go ndéanfadh sé dochar do theagasc na teanga.
Tháinig sé chun solais anuraidh gur chuir Príomh-Chigire na Roinne an moladh go ndéanfaí cuid den Ardteist ag deireadh an chúigiú bliain i láthair mar ‘easy win’ a d’fhéadfadh an tAire Foley a fhógairt mar chuid d’athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.
I gcáipéisí a fuair Conradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léiríodh go raibh imní mhór ar oifigigh shinsearacha sa Roinn Oideachais, i gCoimisiún Scrúduithe an Stáit agus sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin moladh na scrúduithe a athrú.
Deir Conradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur chóir don Aire dul siar ar fad ar an gcinneadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais trí chéile.
Bhí Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre i measc na ndreamanna eile a deir gur chóir don Aire Foley athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh.
Bhí Gaeloideachas, Gael Linn, An Gréasán agus Aontas Múinteoirí Éireann i measc na n-eagraíochtaí a léirigh imní faoin bplean go mbogfaí chun cinn páipéar a haon na Gaeilge – an chluastuiscint agus an cheapadóireacht.
Ritheadh rún éigeandála ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Ghaeloideachas anuraidh ag iarraidh ar na Aire an cinneadh a tharraingt siar.
Dúirt Gaeloideachas gur “tubaiste” a bheadh san athrú ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge mar theanga sa chóras scolaíochta agus nach raibh eolas ná míniú tugtha ag an Roinn faoin mbunús eolaíoch ná oideachais a bhain leis na bplean.
Mhaígh tAire Oideachais go raibh na pleananna bunaithe ar aiseolas a bhí faighte ó scoláirí agus ó thuismitheoirí faoin strus a bhain leis na scrúduithe a dhéanamh in achar cúpla seachtain.