Tá a ladar curtha ag Boris Johnson i scéal an mhargaidh a rinne an tAE agus Rialtas na Breataine faoi phrótacal an Tuaiscirt.
Deir iarphríomh-aire na Breataine go bhfuil sé idir dhá chomhairle faoin margadh agus nach gcabhróidh sé leis an Ríocht Aontaithe “smacht a fháil arís” ar chúrsaí.
Bheadh sé “an-deacair” airsean vótáil ar son an mhargaidh, arsa Johnson.
“Tuigim nach mbeidh daoine buíoch go bhfuil seo á rá agam ach is dóigh liom gur ormsa a thiteann an cúram é a rá; caithfimid a bheith an-soiléir faoi cad atá ar siúl anseo i bhfírinne.
“Ní bhaineann seo leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag fáil smacht arís ar chúrsaí cé go bhfuil éasúintí ann, is é atá anseo i ndáiríre ach leagan den réiteach a bhí á thairiscint do Liz Truss anuraidh nuair a bhí sí ina rúnaí gnóthaí eachtracha.
“Seo againn an tAE agus iad neamhghéilliúil ach iad go múinte ag tabhairt cead dúinne an rud a theastaíonn uainn a dhéanamh inár dtír féin, ní de réir ár ndlíthe féin ach de réir a gcuid dlíthe sin,” arsa Johnson.
Dúirt Johnson go raibh “ardmheas” aige ar cheannaire an DUP Jeffrey Donaldson.
Tá an DUP i mbun machnaimh faoin margadh faoi láthair.
Dé Luain, d’fhógair Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ‘Creat Windsor’, an margadh nua faoi phrótacal an Tuaiscirt.
Agus margadh déanta is é an chéad dúshlán eile atá roimh Rishi Sunak an DUP agus Eoraisceiptigh ina pháirtí féin, na Tóraithe, a mhealladh chun tacú leis.
Bhain an DUP leas as a veto chun Stormont a threascairt mar agóid in aghaidh an phrótacail, socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.
Mhaígh Boris Johnson chomh maith go raibh níos mó tionchair san Eoraip ag an Ríocht Aontaithe anois ná mar a bhí nuair a bhí sí ina ball den Aontas Eorpach.
“Creidim i ndáiríre go bhfuil sé fíor go bhfuil níos mó tionchair san Eoraip againn anois, i dtaobh cúrsaí gnóthaí eachtracha, mar go bhfuilimid taobh amuigh di, taobh amuigh de struchtúr an AE…”