Tá athbhreithniú ar bun ag Cultúr Éireann chun a chinntiú go ndéantar maoiniú “cuí” ar ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge.
Ní bhailíonn Cultúr Éireann faoi láthair aon sonraí maidir leis an scair dá mbuiséad a chuireann siad ar fáil d’ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí Ghaeilge amháin ach deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht gcóras a leasú chun “bailiú sonraí agus measúnuithe níos éifeachtaí a chinntiú dóibh siúd a oibríonn trí Ghaeilge”.
Tá sé de chúram ar Chultúr Éireann ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta agus tá gealltanas tugtha ag an eagraíocht go ndéanfar níos mó chun ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a chur chun cinn.
Gealladh i straitéis a d’fhoilsigh an eagraíocht anuraidh go rachfaí sa tóir ar ealaíontóirí Gaeilge agus go gcuirfí os comhair lucht féachana domhanda iad.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, sa Dáil le gairid go raibh plé déanta ag Foras na Gaeilge agus Ealaín na Gaeltachta chun a chinntiú go mbíonn ealaíontóirí a oibríonn trí Ghaeilge ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil ó Chultúr Éireann.
Mar fhreagra ar cheist Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh TD, thug an tAire Stáit léargas ar chuid de na tionscadail a fuair nó a gheobhaidh tacaíocht ó Chultúr Éireann anuraidh agus i mbliana.
Ina measc, bhí deontas €45,000 don chamchuairt a rinne Manchán Magan sna Stáit Aontaithe anuraidh lena léiriú ‘Arán agus Im’, €5,000 chun an tionscadal ‘Ar Ais Arís’ a léiriú i Montreal agus €4,000 don cheoltóir Lorcán Mac Mathúna chun dul ar chamchuairt sa Bhreatain.
Agus é ag labhairt le Tuairisc, chuir Aengus Ó Snodaigh fáilte roimh fhógra an Aire Stáit go bhfuil athbhreithniú ar bun agus dúirt sé go raibh sé tábhachtach maoiniú suntasach a chur ar fáil chun saothair Ghaeilge a léiriú ar fud an domhain.
“Má tá gealltanas tugtha ag Cultúr Éireann dul sa tóir ar líon níos mó d’ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge, caithfear a bheith ar an eolas faoin méid ealaíontóirí agus an méid atá á thabhairt dóibh ar an gcéad dul síos.
“Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh Cultúr Éireann cultúr na Gaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain agus iad ag scaipeadh chultúr na hÉireann, in áit íomhá a chothú thar lear gur tír muid a labhraíonn Béarla amháin.”
Dúirt Ó Snodaigh go raibh buiséad €6.6 milliún beartaithe do Chultúr Éireann in 2023 ach gur léir ó na samplaí a thug an tAire Stáit gur céatadán thar a bheith íseal a bhí á chaitheamh acu ar thograí Gaeilge. Dúirt sé go raibh súil aige go rachadh tuilleadh maoinithe i dtreo ealaíontóirí a bhí ag obair trí Ghaeilge idir seo agus deireadh na bliana.
“Caithfear a chinntiú go bhfuil cothrom na Féinne ann d’ealaíontóirí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus don chultúr Gaelach féin sa chaoi a dháiltear na milliúin seo. Beidh muid ag súil le torthaí an athbhreithnithe agus le dul chun cinn a fheiceáil. Ní mór dúinn an Ghaeilge a cheiliúradh thar lear agus sa bhaile araon.”