Deirtear gur as a leithéid a d’eascair an iománaíocht ach ní imrítear an cluiche ársa seo le maidí, Cead, ach uair amháin sa bhliain ar Lá le Pádraig agus in áit amháin, ar Inis Meáin. Agus ní léir aon laghdú ar an méid díocais don chluiche seo i measc na n-oileánach. Pictiúir ón bpáirc imeartha le Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An chéad bhuille. Michael Johnn Ó Fátharta ag cur tús leis an gcluiche CeadRoimh thús na himeartha – na rialacha á meabhrú do na captaeinDiarmaid Tom Mhóir tar éis an cead a sheoladh san aer ón gcloch le buille beag…An dara buille agus tá an cead buailte i dtreo an imillAn ‘cead’ déanta as déil bhán nó hicearaíTá spiorad Lá le Pádraig san aer ar an oileán chomh maithNa maidí agus an ceadUaireanta caithfidh tú rith leis an gcead a bhualadhMada ag baint spórt as maide. Fonn spraoi ar Milo.Cleachtadh a dhéanann máistreachtSúil ghéar ag foireann amháin ar a gcomrádaíGéar-iomaíocht agus súil ghéar ar an imirtIomaíocht chrua sa gcluiche leathcheannaisÁilleacht thaibhseach Inis Meáin ón bpáirc imearthaGléasta go cóiriúil don lá náisiúnta! Muintir Uí Shíthigh agus a gcairdeAn Corn Domhanda sa gCead le buachan ag Comórtas Cead Lá’l PádraigAn cead san aer agus tuar ceatha sa chúlraA mbreithiúnas á thabhairt ag iar-imreoirí CeadA shúil ar an gceadMáirín Uí Chonghaile, Baile na Seoighe agus Máirín Uí Chonghaile, Glór na dTonn, Inis MeáinAn fhoireann a chaill an cluiche ceannais. Ó chlé: Máirtín Bheachla Beag, Ryan Byrne, Noel Pheait Sheáin, Eoghan Bheachla Choilm, Micheál Ó Concheanainn, Éamon Síthigh agus Fiachra QuinnSeaimpíní Chomórtas Cead Lá Le Pádraig 2023. Ó chlé: Ruairí Bheachla Beag, Diarmaid Tom Mhóir, Adrian Sheán Dearg, John Joe Bheachlaí, Pádraig Rodger, Maártín Beag agus Ronan Quinn