Cainteoirí Gaeilge laethúla 43,557 duine sa Tuaisceart, nó 2.3% den phobal, de réir figiúirí daonáirimh nua.
De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Dhaonáireamh 2021, 26,285 duine a mhaígh gur labhair siad Gaeilge go seachtainiúil.
Den 126,743 duine a dúirt go raibh Gaeilge acu, dúirt 47,173 duine gur labhair siad í níos lú ná uair sa tseachtain.
Seo an chéad uair go raibh fáil ar fhigiúirí daonáirimh don Tuaisceart faoi cé chomh minic is a labhraíonn daoine Gaeilge.
Dúirt 9,758 de na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu nár labhair siad an teanga ar chor ar bith.
I mBéal Feirste a bhí an líon is mó daoine a thug le fios go labhraíonn siad Gaeilge gach lá agus i Lár Uladh a bhí an céatadán is airde cainteoirí laethúla.
13,110 duine i dtoghcheantar áitiúil Bhéal Feirste a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge gach lá, 3.93% den daonra.
6,179 i Lár Uladh a dúirt gur cainteoirí laethúla iad, 4.29% den phobal.
In An Aird and an Dún Thuaidh, a bhí an líon is lú cainteoirí Gaeilge. 0.33% den phobal nó 519 duine a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge gach lá.
Ní féidir comparáid a dhéanamh idir na figiúirí nua, a foilsíodh an tseachtain seo, agus torthaí na ndaonáireamh roimhe sin ó tharla gur in 2021 a cuireadh ceist den chéad uair faoi cé chomh minic is a labhraíonn daoine Gaeilge.
Idir an dá linn, 30,449 duine a mhaígh go labhraíonn siad Ultais gach lá – 1.66% de dhaonra Thuaisceart Éireann. 10,409 duine a mhaígh gur labhair siad Ultais go seachtainiúil agus 17,811 a dúirt gur labhair siad níos lú ná sin í.
Den 61,032 duine os cionn trí bliana a dúirt go bhfuil Ultais acu dúirt 2,363 nár labhair siad in aon chor í.
I dtoghcheantar Chósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte a bhí an líon agus an céatadán is mó daoine a dúirt gur labhair siad Ultais gach lá. 6,390 duine sa cheantar sin, nó 4.66%, a dúirt gur cainteoirí laethúla Ultaise iad.
I gCathair Dhoire agus An Srath Bán a bhí an céatadán is lú cainteoirí laethúla Ultaise –0.77%, nó 1,143 duine.
Daonáireamh 2021 – Líon na gcainteoirí Gaeilge agus a mhinice is a labhraíonn siad í
Toghcheantar áitiúil | Daoine 3+ | Cainteoirí Gaeilge | Laethúil | Seachtainiúil | Níos lú ná sin | Riamh |
---|---|---|---|---|---|---|
Tuaisceart Éireann | 1,836,616 | 126,743 | 43,557 | 26,285 | 47,143 | 9,758 |
Aontroim agus Baile na Mainistreach | 140,771 | 6,012 | 2,058 | 1,284 | 2,155 | 515 |
Cathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon | 210,401 | 13,699 | 4,595 | 2,839 | 5,167 | 1,098 |
Béal Feirste | 333,749 | 30,458 | 13,110 | 5,774 | 9,722 | 1,852 |
Cósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte | 137,159 | 7,336 | 2,284 | 1,617 | 2,748 | 687 |
Cathair Dhoire agus an Srath Bán | 145,278 | 12,758 | 4,133 | 2,704 | 4,948 | 973 |
Fear Manach agus an Ómaigh | 112,550 | 11,671 | 3,166 | 2,401 | 5,130 | 974 |
Lios na gCearrbhach agus An Caisleán Riabhach | 143,766 | 5,405 | 1,692 | 1,016 | 2,116 | 581 |
Aontroim Láir agus Thiar | 134,655 | 3,063 | 788 | 574 | 1,242 | 459 |
Lár Uladh | 144,037 | 16,477 | 6,179 | 3,719 | 5,701 | 878 |
An tIúr, Múrna agus an Dún | 175,242 | 17,463 | 5,033 | 3,998 | 7,146 | 1,286 |
An Aird agus Dún Thuaidh | 159,008 | 2,401 | 519 | 359 | 1,068 | 455 |
Céatadán | ||||||
Toghcheantar áitiúil | Daoine 3+ | Cainteoirí Gaeilge | Laethúil | Seachtainiúil | Níos lú ná sin | Riamh |
Tuaisceart Éireann | 1,836,616 | 6.90% | 2.37% | 1.43% | 2.57% | 0.53% |
Aontroim agus Baile na Mainistreach | 140,771 | 4.27% | 1.46% | 0.91% | 1.53% | 0.37% |
Cathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon | 210,401 | 6.51% | 2.18% | 1.35% | 2.46% | 0.52% |
Béal Feirste | 333,749 | 9.13% | 3.93% | 1.73% | 2.91% | 0.55% |
Cósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte | 137,159 | 5.35% | 1.67% | 1.18% | 2.00% | 0.50% |
Cathair Dhoire agus an Srath Bán | 145,278 | 8.78% | 2.84% | 1.86% | 3.41% | 0.67% |
Fear Manach agus an Ómaigh | 112,550 | 10.37% | 2.81% | 2.13% | 4.56% | 0.87% |
Lios na gCearrbhach agus An Caisleán Riabhach | 143,766 | 3.76% | 1.18% | 0.71% | 1.47% | 0.40% |
Aontroim Láir agus Thiar | 134,655 | 2.27% | 0.59% | 0.43% | 0.92% | 0.34% |
Lár Uladh | 144,037 | 11.44% | 4.29% | 2.58% | 3.96% | 0.61% |
An tIúr, Múrna agus an Dún | 175,242 | 9.97% | 2.87% | 2.28% | 4.08% | 0.73% |
An Aird agus Dún Thuaidh | 159,008 | 1.51% | 0.33% | 0.23% | 0.67% | 0.29% |
Eolas ó Dhaonáireamh 2021 Thuaisceart Éireann, foilsithe ag Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA)
Daonáireamh 2021 – Líon na gcainteoirí Ultaise agus a mhinice is a labhraíonn siad í
Toghcheantar | Daoine 3+ | Cainteoirí Ultaise | Laethúil | Seachtainiúil | Níos lú ná sin | Riamh |
---|---|---|---|---|---|---|
Tuaisceart Éireann | 1,836,619 | 61,032 | 30,449 | 10,409 | 17,811 | 2,363 |
Aontroim agus Baile na Mainistreach | 140,771 | 5,092 | 2,332 | 965 | 1,611 | 184 |
Cathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon | 210,402 | 6,161 | 2,827 | 1,215 | 1,924 | 195 |
Béal Feirste | 333,748 | 6,496 | 2,753 | 1,176 | 2,094 | 473 |
Cósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte | 137,159 | 10,230 | 6,390 | 1,295 | 2,214 | 331 |
Cathair Dhoire agus an Srath Bán | 145,280 | 2,492 | 1,143 | 434 | 744 | 171 |
Fear Manach agus an Ómaigh | 112,551 | 3,257 | 1,173 | 720 | 1,269 | 95 |
Lios na gCearrbhach agus An Caisleán Riabhach | 143,766 | 3,249 | 1,260 | 630 | 1,208 | 151 |
Aontroim Láir agus Thiar | 134,654 | 10,032 | 5,670 | 1,572 | 2,528 | 262 |
Lár Uladh | 144,038 | 4,209 | 2,054 | 795 | 1,216 | 144 |
An tIúr, Múrna agus an Dún | 175,242 | 4,163 | 2,288 | 656 | 1,061 | 158 |
An Aird agus Dún Thuaidh | 159,008 | 5,651 | 2,559 | 951 | 1,942 | 199 |
Céatadán | ||||||
Toghcheantar | Daoine 3+ | Cainteoirí Ultaise | Laethúil | Seachtainiúil | Níos lú ná sin | Riamh |
Tuaisceart Éireann | 1,836,619 | 3.32% | 1.66% | 0.57% | 0.97% | 0.13% |
Aontroim agus Baile na Mainistreach | 140,771 | 3.62% | 1.66% | 0.69% | 1.14% | 0.13% |
Cathair Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon | 210,402 | 2.93% | 1.34% | 0.58% | 0.91% | 0.09% |
Béal Feirste | 333,748 | 1.95% | 0.82% | 0.35% | 0.63% | 0.14% |
Cósta Chlochán an Aifir agus na Glinnte | 137,159 | 7.46% | 4.66% | 0.94% | 1.61% | 0.24% |
Cathair Dhoire agus an Srath Bán | 145,280 | 1.72% | 0.79% | 0.30% | 0.51% | 0.12% |
Fear Manach agus an Ómaigh | 112,551 | 2.89% | 1.04% | 0.64% | 1.13% | 0.08% |
Lios na gCearrbhach agus An Caisleán Riabhach | 143,766 | 2.26% | 0.88% | 0.44% | 0.84% | 0.11% |
Aontroim Láir agus Thiar | 134,654 | 7.45% | 4.21% | 1.17% | 1.88% | 0.19% |
Lár Uladh | 144,038 | 2.92% | 1.43% | 0.55% | 0.84% | 0.10% |
An tIúr, Múrna agus an Dún | 175,242 | 2.38% | 1.31% | 0.37% | 0.61% | 0.09% |
An Aird agus Dún Thuaidh | 159,008 | 3.55% | 1.61% | 0.60% | 1.22% | 0.13% |
Eolas ó Dhaonáireamh 2021 Thuaisceart Éireann, foilsithe ag Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA)