Tá 30 áit breise á gcur ar fáil i mbliana ar chúrsa céime a cuireadh ar bun le leigheas a fháil ar an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.
Ceithre bliana ó shin a bunaíodh an ‘Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge’ in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath agus beidh na chéad chéimithe ón gcúrsa ag cur isteach ar phoist an samhradh seo.
Dúradh gur “céim mhór” don earnáil oideachais Lán-Ghaeilge a bhí i bhfógra an Aire Oideachais Norma Foley go mbeadh 60 áit ar an gcúrsa ón bhfómhar seo chugainn.
Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an tOllamh Teresa O’Doherty, go raibh “lúcháir” ar phobal na hinstitiúide go bhfuil forbairt á déanamh ar chlár an Bhaitsiléara san Oideachas trí Mheán na Gaeilge
“Tá muid fíorbhródúil as ár gcuid mac léinn agus a dturas múinteoireachta agus teanga, agus tá a fhios againn go gcuirfidh tuilleadh céimithe dár gcuid go mór leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le pobal na Gaeilge amach anseo,” arsa Teresa O’Doherty.
D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo go gcuirfí 320 áit bhreise ar fáil ar chúrsaí oiliúna bunmhúinteoirí i mbliana agus 290 áit bhreise in 2024 le déiléail leis an ngéarchéim atá i scoileanna cheal oidí bunscoile faoi láthair.